Riachtanais sonrasc d'íocaíochtaí má fhaightear iad roimh ré

Féadtar íocaíochtaí a fháil in iomláin nó i bpáirt roimh sholáthar na n-earraí nó na seirbhísí a chríochnú. I gcúinsí den sórt sin, ní mór duit sonrasc Cánach Breisluacha (CBL) a eisiúint maidir le gach íocaíocht.

Ní mór duit sonrasc CBL a eisiúint tráth nach déanaí ná an 15ú lá den mhí ina dhiaidh an dáta a bhfuarthas gach íocaíocht dá leithéid. Ní bhaineann an riail seo le soláthairtí earraí laistigh den Chomhphobal.

Tá rialacha speisialta i bhfeidhm d’éarlaisí.