Sonraisc

Céard is sonrasc CBL ann?

Is doiciméad é sonrasc Cánach Breisluacha (CBL) a eisíonn duine cuntasach. Leagann sonrasc CBL amach sonraí maidir le soláthar inchánaithe agus gach eolais ghaolmhar mar atá forordaithe le dlí CBL.

Ní mór sonrasc CBL a eisiúint laistigh de 15 lá ó dheireadh na míosa inar soláthraíodh na hearraí nó seirbhísí.

Cén fáth go bhfuil sonraisc CBL tábhachtach?

Is éard is sonrasc CBL ann ná an bunús chun do dhliteanas CBL ar sholáthar earraí nó seirbhísí a fháil amach.

Cuireann sé ar chumas custaiméirí CBL an CBL a gearradh orthu a éileamh ar ais. 

Ar aghaidh: Cé ba chóir sonrasc CBL a eisiúint?