Sonraisc

An bhféadfaidh tú sonrasc CBL a leasú?

Féadfaidh tú athraithe a dhéanamh ar do shonrasc Cánach Breisluacha (CBL) má fhaightear amach ina dhiaidh go bhfuil an fhaisnéis ar an sonrasc mícheart. 

Praghas mícheart ar an sonrasc

Má ardaíonn tú an praghas ar an sonrasc bunaidh, ní mór duit sonraisc fhorlíontacha a eisiúint a thaispeánann:

  • an méadú sa phraghas ( eisiach ó CBL)
  • na rátaí CBL a bhfuil feidhm acu
  • an méid CBL atá cuí do gach ráta
  • crostagairt ar shonrasc eile a eisíodh maidir leis an soláthar sin.

Má íslíonn tú an praghas ar an sonrasc bunaidh, ní mór duit nóta creidmheasa ileith an ísliú sin a eisiúint do do chustaiméir.

An ráta CBL mícheart ar an sonrasc

Má thaispeánann do shonrasc CBL suim níos mó CBL ná mar is ceart, beidh tú fós freagrach as an méid CBL atá luaite ar an sonrasc. Chun an cheist a réiteach, ní mór duit nóta creidmheasa agus sonrasc leasaithe a eisiúint.

Má thaispeánann do shonrasc CBL méid níos lú CBL ná mar is ceart, ní mór duit nóta creidmheasa a eisiúint do mhéid iomláine an tsonraisc. Ní mór sonrasc athbhreithnithe a eisiúint ansin chun an CBL ceart a thaispeáint.

Ar aghaidh: Cineálacha sonraisc CBL eile