Sonraisc

Cén fhaisnéis atá ag teastáil ar shonrasc CBL?

Ní mór go dtaispeánfaí an méid seo ar an sonrasc Cánach Breisluacha (CBL):

  • an dáta eisiúna
  • uimhir uathúil seicheamhach
  • ainm agus seoladh iomlán agus cláruimhir an tsoláthraí
  • ainm agus seoladh iomlán an chustaiméara
  • i gcás frithmhuirir, teastaíonn uimhir CBL an chustaiméara agus nóta go bhfuil ‘frithmhuirear i bhfeidhm’. (Ní bhaineann sé seo le seirbhísí tógála faoi réir Cáin Conarthaí Iomchuí)
  • i gcás soláthar earraí laistigh den chomhphobal, teastaíonn uimhir CBL an chustaiméara agus nóta gur ‘soláthar earraí laistigh den chomhphobal’ atá i gceist
  • i gcás triantánú, teastaíonn tagairt fhollasach do shimpliú triantánaithe an CE agus léiriú go bhfuil an duine a fhaigheann na hearraí faoi dhliteanas cuntas a thabhairt ar an CBL atá dlite i leith an tsoláthair
  • an méid agus an cineál earraí a soláthraíodh
  • an méid agus an cineál seirbhísí a soláthraíodh
  • praghas an aonaid gan CBL san áireamh
  • an t-íocaíocht a fuarthas glan ó CBL
  • na lascainí nó na laghduithe praghais
  • an miondealú de réir an ráta CBL
  • an t-iomlán CBL iníoctha maidir leis an soláthar
  • an dáta ar soláthraíodh na hearraí nó na seirbhísí
  • i gcás íocaíocht a dhéantar roimh an tsoláthair, an dáta ar a ndearnadh íocaíocht ar cuntas. Níl sé seo i gceist ach amháin má bhíonn an dáta sin éagsúil ó dháta eisiúna an tsonraisc.
  • ainm agus seoladh iomlán agus uimhir aitheantais CBL an ionadaí cánach sin. Is é seo an cás nuair atá an t-ionadaí cánach faoi dhliteanas an CBL a íoc i mBallstát eile.

Sonraisc CBL nuair atá frithmhuirear i bhfeidhm

I gcás soláthar earraí nó seirbhísí nuair a thugtar cuntas i leith CBL faoi mheicníocht an fhrithmhuirir, ní thaispeántar an CBL iníoctha ar an sonrasc a eisítear.

Sonraisc CBL nuair atá feidhm ag na scéimeanna speisialta

Nuair a bhaineann an scéim corrlaigh nó an scéim speisialta do cheantálaithe le soláthar earraí, ní mór nach mbeadh suim an CBL iníoctha san áireamh ar an sonrasc a eisítear.

Ba chóir an sonrasc maidir leis an scéim corrlaigh a fhormhuiniú mar seo a leanas:
‘Scéim corrlaigh – earraí athláimhe’.

Ba chóir an sonrasc maidir leis an scéim do cheantálaithe a fhormhuiniú mar seo a leanas:
‘Scéim corrlaigh – earraí ar ceant’.

Airgeadra eachtrach ar shonrasc CBL

Má eisíonn tú sonrasc in airgeadra eachtrach, ní mór go dtaispeánfaí ann na figiúirí comhfhreagracha in Euro.

Ba chóir duit an ráta díola arna thaifead ag an mBanc Ceannais ag an tráth atá an sonrasc le heisiúint a úsáid.

Ach comhaontú a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim, féadtar modh malartach a úsáid chun an ráta malairte a dheimhniú. Tá sé seo faoi réir an choinníll go gcaithfear an modh comhaontaithe a úsáid le haghaidh gach idirbheart airgeadra coigríche.

Ba chóir duit iarratas a chur isteach chuig d’Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim agus cuir in iúl an modh maidir leis an ráta malairte a theastaíonn uait a úsáid.

Ar aghaidh: An bhféadfaidh tú sonrasc CBL a leasú?