Cén tsuim ar a ngearrtar CBL?

Gearrtar Cáin Bhreisluacha (CBL) ar an tsuim iomlán a íocadh, nó atá iníoctha, leis an duine a sholáthraíonn na hearraí nó seirbhísí. Folaíonn an tsuim incháinithe gach:

  • cáin
  • coimisiún
  • costas
  • agus
  • muirear.

Ní fholaíonn sé an CBL inmhuirir i dtaca leis an idirbheart.

Beidh sé seo i bhfeidhm i gcásanna amhail iad seo a leanas:

  • earraí nó seirbhísí a sholáthar
  • seirbhísí a fháil ón gcoigríoch
  • agus
  • fáltais earraí ó Bhallstáit eile den Aontas Eorpach (AE).

Gearrtar CBL ar iompórtálacha go feadh luacháil Custam na n-earraí.

Muirir theagmhasacha

Tá CBL inmhuirir ní hamháin ar an táille i leith na n-earraí nó na seirbhísí a sholáthraítear. Áirítear leis freisin muirir theagmhasacha a thabhaíonn an soláthraí a chuirtear ar aghaidh chuig an gcustaiméir.

Céard a tharlaíonn má íocann an custaiméir le cárta creidmheasa?

Tá CBL inmhuirir ar an tsuim iomlán a ghearr an soláthraí go hiarbhír ar an gcustaiméir. Is cuid den tsuim incháinithe iad suimeanna arna gcoimeád siar ag comhlachtaí cárta creidmheasa óna gcuid socraíochtaí leis na trádálaithe.

Nuair nach ndéantar íocaíocht le hairgead

Déantar comaoin i leith earraí nó seirbhísí i roinnt foirmeacha, lena n-áirítear airgead tirim agus íocaíochtaí comhchineáil. Folaíonn íocaíochtaí comhchineáil:

  • malartú earraí nó seirbhísí mar chomaoin
  • agus
  • fuascailt duine aonair ó dhualgas.

Tá CBL inmhuirir ar luach margaidh oscailte, nó luach neamhthuilleamaí na n-earraí nó seirbhísí a fhaightear, mar íocaíocht ar sholáthairtí.

Scéim Aischuir Taiscí

Forálann an Scéim Aischuir Taiscí (SAT) do thaisce ar tháirgí dí a dhíoltar i mbuidéil nó i gcannaí plaisteacha. Tá an taisce inaisíoctha nuair a chuirtear an coimeádán ar ais chuig an soláthraí. Gearrtar an taisce ag gach céim den slabhra soláthair nuair a sholáthraítear an táirge dí. Níl aon CBL gearrtha ar an taisce nuair a sholáthraítear an táirge dí. Ní bheidh ar ghnóthaí i slabhra soláthair a sholáthraíonn táirgí SAT cuntas a thabhairt i leith CBL ar an taisce a ghearrann siad.