Luacháil custam

Is rud lárnach i ndeimhniú na suime Dleachta Custam a bheidh iníoctha é luach custam earraí. I measc na bhfachtóirí eile tá tionscnamh agus an cineál earraí atá i gceist.

Is iondúil gurb é an luach idirbhirt an luach earraí a úsáidtear chun críocha custam, is é sin an praghas íoctha nó iníoctha le haghaidh na n-earraí go hiarbhír. Is é seo praghas an tsonraisc móide costas an iompair agus an árachais. Folaíonn sé seo freisin aon íocaíochtaí eile atá déanta nó atá le déanamh i leith na n-earraí iompórtáilte.

Modhanna luachála

Tá sé mhodh luachála ann a bhfuil feidhm leo in ord ordlathach. Mura bhféadtar modh 1 (luach idirbhirt) a úsáid, ba chóir duit an chéad mhodh eile a úsáid, agus mar sin de:

  1. Modh luach an idirbhirt.
  2. Luach idirbhirt earraí comhionanna.
  3. Luach idirbhirt earraí comhchosúla.
  4. An modh déaduchtach.
  5. An modh ríofa.
  6. An foráil luachála iarmharaí.

Má tá tuilleadh eolais uait, féach ar an customs manual on valuation.

Táscairí luachála

Ní mór faisnéis a bheith sa dearbhú custam a bhaineann le fachtóirí a d’fhéadfadh tionchar a bheith acu ar an bpraghas a íocadh. Mar shampla, ní mór go dtaispeántar sa dearbhú má tá gaol idir an ceannaitheoir agus an díoltóir. Ní mór an fhaisnéis seo a chur isteach i mír sonraí 4/13 sa Chóras Iompórtála Uathoibríoch (CIU).

Tá an fhaisnéis seo riachtanach sa chás go bhféadfaidh sé go mbeidh tionchar aige ar luach ceart custam na n-earraí.

Seachas sin, tarscaoiltear an riachtanas chun an fhaisnéis seo a sholáthar sna cásanna seo a leanas:

  • Má tá luach custam de €20,000 nó níos lú ag na hearraí iompórtáilte sa lasta. Sa chás seo ní fhéadtar na hearraí a roinnt ná a bheith i lastaí iolracha ón gcoinsíneoir céanna go dtí an coinsíní céanna.
  • Más earraí neamhthráchtála iad na hearraí.
  • Sa chás gur cláraíodh dearbhú fadtéarmach le custaim ag úsáid foirm G563A. (Féach thíos).

Dearbhú fadtéarmach

Féadfaidh iompórtálaithe clárú le haghaidh dearbhú fadtéarmach i gcás go bhfuil trácht leanúnach ag baint le hearraí:

  • a soláthraítear iad ón díoltóir céanna leis an gceannaitheoir céanna
  • agus
  • faoi na coinníollacha tráchtala céanna.

Féadtar clárú trí fhoirm dearbhaithe fhadtéarmaigh a chomhlánú. Nuair a bheidh tú cláraithe, eiseofar uimhir údaraithe chugat.

Ba chóir duit an uimhir údaraithe seo agus cód 1DO3 a chur isteach in D/E 2/3 ar an gCóras Iompórtála Uathoibríoch (CIU) nuair atá earraí atá clúdaithe faoi dearbhú fadtéarmach á dhearbhú agat.

Ba chóir duit d’fhoirm dearbhaithe fhadtéarmaigh comhlánaithe a sheoladh chuig na Coimisinéirí Ioncaim. Gheobhaidh tú sonraí ar an Oifig de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim ar chóir duit d’fhoirm a sheoladh go dtí in Féinmheasúnú gnó. Ba chóir duit d’uimhir EORI a chur isteach sa bhosca UPSP nó UCC agus ‘Faigh sonraí teagmhála’ a chliceáil.

Tabhair do d’aire

Ní mór d’iompórtálaithe nó a ngníomhairí lastaí a dhearbhú ag tráth na hiompórtála ag baint úsáid as Córas Iompórtála Uathoibríoch (CIU) nua na gCoimisinéirí Ioncaim. Féadtar teacht ar thuilleadh eolais in Córas Iompórtála Uathoibríoch (CIU) nó de rogha air sin féadtar teagmháil a dhéanamh le do Ghníomhaire Custam nó do sholáthraí bogearraí Custam.

Tuilleadh eolais

Má tá tuilleadh eolais uait maidir le luacháil, déan teagmháil leis an Aonad um Thionscnamh agus Luacháil.