Taifid CBL a choinneáil

Léargas ginearálta

Tugtar achoimre sa rannán seo ar:

  • cén taifid díolacháin a choinníonn tú
  • cén taifid ceannacháin a choinníonn tú
  • cén fhad chun do thaifid a choinneáil.

Is gá duit taifid atá iomlán agus cruinn a choimeád de na hidirbheartanna gnó uile lena mbaineann CBL. D’fhéadfadh sé cur isteach ar do dhliteanas i leith Cáin Bhreisluacha (CBL) agus do theidlíocht le haghaidh aiséileamh a dhéanamh ar CBL. Coinnigh míreanna ar nós:

  • leabhair gnó agus taifid
  • sonraisc
  • nótaí sochair
  • nótaí dochair
  • admhálacha
  • cuntais
  • rollaí scipéid airgid
  • dearbháin
  • taifid maidir le córas malartaithe faisnéise CBL (VIES)
  • tuairisceáin Intrastat
  • cóipeanna de doiciméid riarachán singil faoi stampa (SADs)
  • agus
  • ráitis bainc.

Chun do dhliteanas nó d’aisíocaíocht CBL a ríomh go cruinn, is gá duit taifid mhionshonraithe a choinneáil atá cothrom le dáta. Má dhéanann na Coimisinéirí Ioncaim iniúchadh ar do thaifid, is gá go mbeidís ábalta cruinneas gach idirbheart a fhíorú.

Ar aghaidh: Cén taifid ceannacháin a choinníonn tú?