Sonraisc

Cineálacha sonraisc CBL eile

Tá líon coinníollacha eile sonraisc ann, ar nós:

  • sonrascú leictreonach
  • baiscshonrascú
  • sonraisc shimplithe
  • sonrascú achoimre.

Sonrascú leictreonach

Féadfaidh tú sonrasc nó doiciméad eile a eisiúint ar pháipéar nó, faoi choinníollacha áirithe, i bhformáid leictreonach.

Tá eisiúint sonrasc nó cáipéisí eile i bhformáid leictreonach faoi réir chomhaontaithe idir an dá pháirtí. Ní mór don chóras a bheith ábalta:

  • na taifid agus teachtaireachtaí leictreonacha uile a tháirgeadh, a choinneáil agus a stóráil mar atá ag teastáil chun críche Cánach Breisluacha (CBL), agus iad a chur ar fáil do na Coimisinéirí Ioncaim ach iad a iarraidh
  • aon taifead nó teachtaireacht leictreonach gur gá a tháirgeadh, a choinneáil nó a stóráil a atáirgeadh i bhformáid pháipéir nó leictreonach
  • taifid leictreonacha a choinneáil i mbealach a cheadaíonn iad a aisghabháil trí thagairt a dhéanamh do:
    • ainm an duine a eisíonn nó a fhaigheann an teachtaireacht
    • dáta na teachtaireachta
    • uimhir aitheantais uathúla na teachtaireachta
  • sláine an inneachair a áirithiú, foinse na cáipéise a dheimhniú agus rian iniúchta iontaofa a chur ar fáil don idirbheart agus a doiciméid tacaíochta.

Baiscshonrascú

Nuair atá baisc sonrasc á eisiúint go leictreonach don chustaiméir céanna, féadfaidh tú na sonraí coiteann a thaifead uair amháin sa tarchur.

Sonrascú simplithe

Cén uair a bhféadfar sonrasc simplithe a eisiúint?

Féadfar sonrasc, nóta creidmheasa, dearbhán socraíochta nó nóta dochair simplithe a eisiúint, chomh fada:

  • nach bhfuil méid an tsonraisc níos mó ná €100
  • sa chás gur deacair riachtanais ghinearálta sonrasctha a chomhlíonadh de bharr cleachtaí tráchtála, teicniúla nó riaracháin in earnáil ghnó ar leith.

Cén sonraí ba chóir a chur san áireamh ar shonrasc simplithe?

Ba chóir go mbeadh an méid seo a leanas san áireamh sa sonrasc simplithe:

  • an dáta eisiúna
  • ainm agus seoladh iomlán agus uimhir chláraithe an tsoláthraí
  • cur síos ar na hearraí nó na seirbhísí a soláthraíodh
  • agus
  • an cháin iníoctha nó an praghas eisiach ó cháin.

Cén uair nach bhféadfaidh tú sonrasc simplithe a úsáid?

Ní fhéadfaidh sonrasc simplithe a úsáid maidir le soláthar earraí nó seirbhísí laistigh den Chomhphobal.

Sonrasc achoimre

Sa chás go ndéanann tú ilsoláthairtí chuig an chustaiméir céanna le linn na míosa céanna féilire, féadfaidh tú sonrasc achoimre a eisiúint.