Cén chaoi a dtugtar cuntas i leith CBL

Nuair a thagann CBL chun bheith iníoctha

Ní mór duit do Cháin Bhreisluacha (CBL) a thíolacadh agus a íoc roimh an 19ú lá den mhí i ndiaidh dheireadh gach tréimhse incháinithe. Ba chóir an tuairisceán seo a bheith ceart agus cruinn agus go cuirtear ar fail don Ard-Bhailitheoir é trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).

I gcás iad siúd a thíolacann ar ROS, tá síneadh ama go dtí an 23ú lá den mhí acu chun tuairisceán CBL a thíolacadh.

Féadfaidh sé go dtabhóidh tú ús agus pionóis as ucht tuairisceán a thíolacadh go déanach, nó gan tuairisceán a thíolacadh, nó gan do CBL a íoc.

Céard iad na tréimhsí incháinithe le haghaidh CBL?

Is tréimhse dhá mhí (démhíosúil) é an tréimhse incháinithe agus tosaíonn sé ar an gcéad lá d’Eanáir, Márta, Bealtaine, Iúil, Meán Fómhair agus Samhain. Féadfaidh an Ard-Bhailitheoir na tréimhsí incháinithe seo a leanas a cheadú:

  • tuairisceán bliantúil, má tá tú ag déanamh tráthíocaíochtaí cothroma trí dhochar díreach
  • tuairisceáin gach ceithre mhí, má tá do dhliteanas bliantúil CBL idir €3,001 agus €14,400
  • tuairisceáin gach sé mhí, má tá do dhliteanas bliantúil €3,000 nó níos lú.

An féidir liom tuairisceán míosúil CBL a thíolacadh?

Go ginearálta, is daoine incháinithe i seasamh aisíocaíochta seasta CBL a dhéanann tuairisceáin mhíosúla CBL. Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim tuairisceán míosúil CBL a údarú, ar iarratas.

Céard is Tuairisceán i leith Sonraí Trádála (TST) ann?

Ní mór duit Tuairisceán i leith Sonraí Trádála (TST) a chomhlánú gach bliain. Sonraítear ar an bhFoirm TST na ceannacháin agus díolacháin don bhliain, briste síos de réir ráta CBL.

Is gá an TST a chomhlánú ag deireadh na bliana. Beidh an fhoirm le feiceáil i do bhosca isteach ROS.

Ar aghaidh: Cén chaoi a ndéantar VAT 3 a chomhlánú?