Cén uair a chuireann na Coimisinéirí Ioncaim ús i bhfeidhm?

Mura n-íocann tú Cáin Bhreisluacha (CBL) in am, gearrfar ús ort. Gearrtar ús ar bhonn laethúil. Tosaíonn seo ón dáta atá an íocaíocht CBL dlite go dtí go n-íocann tú an méid atá amuigh.

Sa chás go bhfuil aisíocaíocht de bhreis ar an méid atá dlite faighte agat, ní mór duit ús a íoc ar an ró-íocaíocht. Tá ús iníoctha ón dáta a fuair tú an méid ró-íoctha.

Is é an ráta úis ná 0.0274% in aghaidh an lae, nó cuid de lá.

Ús ar mheastacháin agus ar mheasúnaithe

Nuair a dhéanann na Coimisinéirí Ioncaim meastachán ar do dhliteanas CBL, ríomhtar ús atá dlite ar an CBL neamhíoctha ar bhonn laethúil. Tosaíonn sé ón dáta a bhí an CBL iníoctha.

Nuair a eisíonn na Coimisinéirí Ioncaim measúnú, ríomhtar ús iníoctha ar bhonn laethúil ón dáta a bhí an tuairisceáin CBL bunaidh dlite.

Féadfaidh CBL atá dlite i leith níos mó ná tréimhse inchánach amháin a bheith i measúnú. Sa chás seo, féadtar an t-ús a ríomh ón tréimhse inchánach dheireannach atá san áireamh sa mheasúnú sin. Is é seo an cás, fiú nuair a dhéantar achomharc i gcoinne an mheasúnaithe.