Céard a bhféadtar achomharc a dhéanamh ina leith?

Léirítear sa rannán seo na cinntí agus na breitheanna de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim a bhféadtar achomharc a dhéanamh ina leith.

Féadtar achomharc a dhéanamh i leith an mhéid seo:

  • Measúnú chun Cáin Bhreisluacha (CBL) a íoc.
  • Féadfaidh sé gur seirbheáladh meastachán ort, ach nach measann tú gur duine cuntasach thú. I gcásanna mar sin, féadtar achomharc a dhéanamh leis an gCoimisiún um Achomhairc ;Chánach le haghaidh cinneadh nach duine cuntasach thú.
  • Muirear cánach maidir le:
    • sonrasc míchruinn a bheith eisithe
    • sonrasc CBL eisithe ag duine neamhchláraithe.
  • Clárú grúpa éigeantach, diúltú clárú mar ghrúpa, agus cealú clárúcháin grúpa reatha.
  • Cinneadh ar mhargadhluach oscailte maidir le soláthairtí áirithe idir daoine bainteacha.
  • Diúltú na gCoimisinéirí Ioncaim thú a cheadú mar ghníomhaire aisíocaíochta le haghaidh na scéime easpórtála miondíola.
  • An cánachas i do leith nuair a cheadaíonn tú soláthairtí a dhéanamh ar ;thalamh sa chás go bhfuil sé:
    • faoi d’úinéireacht
    • áitithe agat
    • faoi do smacht,

mar dhuine atá faoi dhliteanas i gcomhpháirt agus go leithleach le duine eile i leith na soláthairtí sin.

Ba chóir duit achomharc a dhéanamh taobh istigh de 30 lá tar éis an dáta:

  • ar an bhFógra Measúnachta de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim
  • ar an Litir ó na Coimisinéirí Ioncaim
  • ar an bhfógra ina bhfuil an cinneadh ar mian leat achomharc a dhéanamh ina leith.

Ba chóir achomhairc a dhéanamh go díreach leis an gCoimisiún um Achomhairc Chánach.

Féadfaidh tú nó na Coimisinéirí Ioncaim achomharc a dhéanamh leis an Ard-Chúirt agus as sin leis an gCúirt Achomhairc agus leis an gCúirt Uachtarach araon. Tá CBL faoi rialú ag dlí an Aontais Eorpaigh (AE). Féadann an Coimisiún um Achomhairc Chánach nó na cúirteanna an cás a chur faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.