Céard is measúnú CBL ann?

Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim measúnú le haghaidh Cánach Breisluacha (CBL) a eisiúint má cheapann muid:

  • nár íoc tú an tsuim cheart CBL
  • gur éiligh tú an iomarca CBL agus go bhfuair tú an tsuim seo.

Eiseofar fógra foirmiúil chugat ina léirítear an tsuim iníoctha. Féadfaidh tú achomharc a dhéanamh in aghaidh an mheasúnaithe CBL chuig an gCoimisiún um Achomhairc Chánach.

Teorainn ama le hahgaidh measúnaithe CBL

De ghnáth, is é ceithre bhliain an teorainn ama maidir le measúnú CBL a ardú. Níl teorainn ama ar bith i gceist i gcásanna calaoise nó faillí.