Clárúchán do ghrúpaí

Céard is grúpa CBL ann?

Is éard is grúpa Cánach Breisluacha (CBL) ann ná grúpa daoine atá bunaithe sa Stát a gcaitear leo mar dhuine cuntasach aonair. Le clárú grúpa CBL, níl gá le sonraisc CBL a eisiúint i ndáil le hidirbhearta laistigh den ghrúpa (ach amháin i gcás idirbhearta áirithe maoine).

Ní mór baill an ghrúpa a bheith faoi cheangal go dlúth ag naisc:

  • airgeadais
  • eacnamaíocha
  • eagraíochtúla.

Ní mór ball amháin den ghrúpa, ar a laghad, a bheith ina dhuine chuntasach.

Ní coinníoll é gach duine sa ghrúpa a bheith ina dhuine cuntasach. Ceadaítear do chuideachtaí sealbhaíochta a bheith mar chuid de ghrúpa.

Cé a thíolacann an tuairisceán CBL ar son grúpaí CBL?

Dearbhaítear duine de bhaill an ghrúpa mar sheoltóir grúpa. Tá an duine sin freagrach as gach riachtanas CBL don ghrúpa ina iomlán. Folaíonn sé seo:

  • tuairisceáin CBL a thíolacadh
  • and
  • íocaíochtaí CBL a dhéanamh leis an Ard-Bhailitheoir.

Sa chás nach ndéantar comhlíontacht CBL beidh gach duine nó comhlacht sa ghrúpa dliteanach i gcomhpháirt nó go leithleach as aon dliteanas a thagann chun cinn.

Cén chaoi a gcláraítear mar ghrúpa CBL?

Tá clárúchán grúpa CBL faoi réir ceadaithe ó na Coimisinéirí Ioncaim. Ní mór na Coimisinéirí Ioncaim a bheith sásta gurb ar mhaithe le riarachán éifeachtúil a dhéantar é. Chun leas a bhaint as clárúchán grúpa CBL, ba chóir duit iarratas a dhéanamh le d’oifig de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim.

Ní mór don seoltóir grúpa Foirm VAT52 a thíolacadh dá gceantar cánach.

Tagraítear do na heintitis eile sa ghrúpa CBL mar neamhsheoltóirí grúpa. Ní mór do neamhsheoltóirí grúpa Foirm VAT53 a thíolacadh dá n-oifig de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim.

Tar éis clárúchán grúpa a bheith ceadaithe, féadfaidh sé gur mian leat comhlacht nua a chur san áireamh sa ghrúpa. Sna cásanna seo, ní mór duit cead a fháil ó d’Oifig áitiúil de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim a bheith áirithe sa chlárúchán grúpa.

Tá tuilleadh eolais ar chlárúchán CBL do ghrúpaí ar fáil faoi Treoir breise.