Scéim Easpórtála Miondíola

Léargas ginearálta

Ligeann an Scéim Easpórtála Miondíola do thurasóir nó taistealaí atá cónaitheach taobh amuigh den Aontas Eorpach (AE), seachas Tuaisceart Éireann, aisíocaíocht ar CBL ar earraí cáilitheach a cheannaítear san AE a éileamh. Ní mór don turasóir nó an taistealaí na hearraí a easpórtáil ón AE taobh istigh de thrí mhí ón gceannach. Éilíonn an scéim cruthúnas ceannacháin agus cruthúnas easpórtála.

Ba chóir do chónaitheoirí na Ríochta Aontaithe a thabhairt dá n-aire go mbeidh an méid seo a leanas i gceist ón 11pm ar an 31 Nollaig 2020:

  • níl cónaitheoirí Thuaisceart Éireann incháilithe leas a bhaint as an Scéim Easpórtála Miondíola
  • agus
  • tá coinníollacha breise i bhfeidhm maidir le cónaitheoirí na Breataine Móire maidir le cruthúnas easpórtála a sholáthar.

Cé leis ar cheart duit teagmháil a dhéanamh maidir le haisíocaíochtaí?

Ní mór fiosruithe ó thurasóir nó ó thaistealaí i leith éilimh shonracha ar aisíocaíochtaí CBL a dhíriú ar an miondíoltóir nó an gníomhaire aisíocaíochta a raibh tú ag déileáil leis. Níl na Coimisinéirí Ioncaim freagrach as cáin a aisíoc faoin scéim easpórtála miondíola.

Féadfaidh miondíoltóirí nó gníomhairí aisíocaíochta aon fhiosruithe a threorú chuig a n-oifig áitiúil de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim.

Ar aghaidh: Cé a fhéadann an scéim a úsáid?