Scéim Easpórtála Miondíola

Cén chaoi a n-oibríonn gníomhairí aisíocaíochta an scéim?

Cuireann gníomhaire aisíocaíochta Cánach Breisluacha (CBL) aisíocaíocht CBL ar fáil don turasóir nó taistealaí, ar Cáin Bhreisluacha í a tabhaíodh ar earraí cáilitheacha, faoi réir choinníollacha na scéime.

Féadfaidh an gníomhaire aisíocaíochta gníomhú:

  • mar phríomhaí i ndáil le soláthar earraí don turasóir nó don taistealaí
  • mar ghníomhaire an turasóra nó an taistealaí.

Beidh difríocht idir an próiseas trína soláthraítear an aisíocaíocht don turasóir nó don taistealaí ag brath ar cibé an bhfuil an gníomhaire aisíocaíochta ina príomhaí nó ina ghníomhaire don turasóir nó don taistealaí. 

An gníomhaire aisíocaíochta CBL ag gníomhú mar phríomhaí

Ceannaíonn an gníomhaire aisíocaíochta, agus é nó í ag gníomhú mar phríomhaí, na hearraí ón miondíoltóir agus díolann sé nó sí na hearraí sin láithreach leis an turasóir nó leis an taistealaí.

Déanfaidh gníomhairí aisíocaíochta den chineál sin aontú leis na miondíoltóirí ionas gur féidir leo gníomhú mar phríomhaí ar an mbealach seo. Mar an ngníomhaire aisíocaíochta sa chás seo, aisíocfaidh tú an CBL leis an turasóir nó leis an taistealaí. Próiseálfaidh tú an t-éileamh ar aisíocaíocht CBL faoi na coinníollacha céanna agus a bhaineann le miondíoltóir. 

Sa chás go bhfaigheann tú cead roimh ré ó na Coimisinéirí Ioncaim, féadfaidh tú ‘cárta’ a eisiúint don turasóir nó don taistealaí chun sonraí faoi na hearraí cáilitheacha uile a cheannaíonn an turasóir nó an taistealaí sin a thaifeadadh. Ba chóir go mbeadh sé de chumas ag an gcárta na sonraí uile a theastaíonn le haghaidh oibriú na scéime a thaifeadadh. Ní mór an cárta a bheith in ann na sonraí seo a atáirgeadh chun go bhféadfaidh an tOifigeach Custam a dheimhniú go ndearnadh na hearraí a easpórtáil.

Ní mór an aisíocaíocht a dhéanamh leis an turasóir nó leis an taistealaí tráth nach déanaí ná 25 lá oibre ón am a gheobhaidh tú na sonraí is gá chun an t-éileamh a phróiseáil.

Cén ráta malartaithe ar chóir duit a úsáid?

Sa chás go bhfuil aisíocaíocht á déanamh in airgeadra seachas Euro, is é seo a leanas an ráta malartaithe ar chóir duit a úsáid:

  • an ráta malartaithe oifigiúil mar a fhoilsítear ag Banc Ceannais na hÉireann don dáta a íoctar an aisíocaíocht
  • an meánráta malartaithe míosúil oifigiúil mar a fhoilsítear ag Banc Ceannais na hÉireann don mhí ina n-íoctar an aisíocaíocht.

De rogha air sin, féadfaidh tú foinsí eile rátaí malartaithe a bhfuil aitheantas idirnáisiúnta acu a úsáid, faoi réir comhaontú le d’oifig de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim.

Gníomhaire aisíocaíochta CBL agus é nó í ag gníomhú mar ghníomhaire an turasóra nó an taistealaí?

Tá an gníomhaire aisíocaíochta CBL ag gníomhú mar ghníomhaire don turasóir nó don taistealaí nuair a fhostaítear iad chun aisíocaíocht CBL ar cheannacháin cháilitheacha a fháil ón miondíoltóir, thar ceann an turasóra nó an taistealaí sin. Ní mór don ghníomhaire, sna cúinsí seo, an turasóir nó an taistealaí a chur ar an eolas faoi na riachtanais iomlána a theastaíonn uathu chun aisíocaíocht a fháil.

Táillí a ghearrann gníomhaire aisíocaíochta ar an turasóir nó ar an taistealaí

Ní mór go gcuirfí an turasóir nó an taistealaí ar an eolas roimh ré faoi aon táillí a ghearrfaidh an gníomhaire aisíocaíochta orthu. Ní mór go sonraítear san eolas seo suim an táille atá le gearradh nó an chaoi a ríomhfar an táille sin. Is leor an t-eolas seo a sholáthar mar chuid den phróiseas sínithe ar do shuíomh idirlín chun an riachtanas seo a chomhlíonadh.

Ar aghaidh: Deimhniú easpórtála