Scéim Easpórtála Miondíola

Deimhniú easpórtála seachas ag Oifigigh Custam an Stáit

Deimhniú ó Chustaim ag an áit deiridh imeachta ón AE

Féadfaidh sé go bhfaighidh turasóir nó taistealaí deimhniú ar easpórtáil earraí cáilithe ag an áit imeachta deiridh ón AE seachas ag an mBallstát ina gceannaítear na hearraí cáilitheacha. Tá sé seo cuí go háirithe do dhaoine ar thuras il-stad san AE. Ní mór an tOifigeach Custaim i mbun deimhnithe a bheith sásta gur chomhlíon an turasóir nó an taistealaí coinníollacha na scéime easpórtála miondíola.

Tá sé tábhachtach a thabhairt do d’aire go bhféadfadh nósanna imeachta deimhniúcháin a bheith éagsúil idir Ballstáit an AE. Má tá sé i gceist ag turasóir nó taistealaí na hearraí cáilitheacha a fháil deimhnithe i mBallstát eile den AE, ba chóir don turasóir nó don taistealaí riachtanais an chórais riaracháin Custam sa Bhallstát sin a sheiceáil.

Deimhniú ó oifigigh i dtír chónaithe an turasóra nó an taistealaí

I gcúinsí áirithe féadfaidh sé nach mbeadh turasóir nó taistealaí in ann deimhniú easpórtála a fháil ó Chustaim nuair a fhágann sé nó sí an Stát. I gcásanna mar sin, féadfaidh an turasóir nó an taistealaí aisíocaíocht Cánach Breisluacha (CBL) a fháil fós. D’fhonn aisíocaíocht CBL a fháil, ní mór do thurasóir nó do thaistealaí deimhniú a sholáthar gur iompórtáladh na hearraí cáilitheacha isteach ina dtír chónaithe.

Féadfaidh na daoine seo a leanas an deimhniú seo a chur ar fáil:

  • Oifigeach Custam
  • oifigeach forfheidhmithe dlí
  • Nótaire Poiblí
  • Coimisinéir Mionnaí.

Ba chóir don turasóir nó don taistealaí an deimhniú seo a thuairisciú mar aon leis an admháil nó an dearbhán lascaine dá ghníomhaire aisíocaíochta CBL nó miondíoltóir Éireannach.

Teastaíonn aontú roimh ré ó oifig na gCoimisinéirí Ioncaim ó ghníomhaire aisíocaíochta nó miondíoltóir chun glacadh le deimhniú ó thír chónaithe an turasóra nó an taistealaí mar chruthúnas ar easpórtáil.

Níl an áis seo ar fáil, áfach, maidir le haisíocaíochtaí CBL a bhfuil luach ard orthu. Féach an rannán Céard iad na ceannacháin ar a bhféadfaidh tú CBL a éileamh ar ais? le haghaidh eolais ar earraí a bhfuil luach ard orthu.