Scéim Easpórtála Miondíola

Cé a fhéadann an scéim a úsáid?

Féadfaidh turasóirí nó taistealaithe a thugann cuairt ar an Stát ó thíortha taobh amuigh den Aontas Eorpach (AE) leas a bhaint as an scéim seo. Áirítear leis seo daoine a thagann ar cuairt ón mBreatain Mhór, ach ní fholaíonn sé daoine a bhfuil cónaí orthu i dTuaisceart Éireann.

Cé nach bhféadann leo an scéim a úsáid?

Ní fhéadann na daoine seo a leanas leas a bhaint as an scéim:

  • aon duine a chónaíonn sa Stát, i mBallstát eile den AE nó i dTuaisceart Éireann
  • náisiúnaigh Stáit neamh-AE a bhfuil cónaí orthu sa Stát
  • Saoránaigh Éireannacha nó AE nuair a fhágann siad an Stát chun cónaí taobh amuigh den AE.

Cén chaoi le haisíocaíocht Cánach Breisluacha (CBL) a fháil?

Ní dhéanann na Coimisinéirí Ioncaim aisíocaíochtaí le turasóirí ná le taistealaithe faoin scéim easpórtála miondíola. Is é an miondíoltóir nó an gníomhaire aisíocaíochta Cánach Breisluacha (CBL) a aisíocfaidh an CBL leat, nuair a fhaigheann siad cruthúnas easpórtála.

Roimh cheannachán a dhéanamh, ba chóir duit a dhearbhú leis an miondíoltóir go bhfeidhmíonn siad an scéim, mar gheall nach bhfeidhmíonn gach miondíoltóir é. Ba chóir duit a shoiléiriú freisin an bhfeidhmíonn an miondíoltóir an scéim iad féin, nó i dteannta le gníomhaire aisíocaíochta CBL.

Má úsáideann tú miondíoltóir a oibríonn an scéim, gheobhaidh tú dearbhán lascaine maidir le gach ceannachán d’earraí cáilitheacha. Féadtar dearbháin, seachas le haghaidh earraí ar luach ard, a fhágáil sa bhosca fágála isteach Custam ag an áit imeachta le haghaidh deimhniúcháin. Ansin tabharfar an dearbhán deimhnithe ar ais don mhiondíoltóir. Glacfaidh an miondíoltóir leis an dearbhán deimhnithe mar chruthúnas ar easpórtáil agus ansin beidh siad in ann an t-éileamh ar aisíocaíocht a phróiseáil. Ní mór don mhiondíoltóir an aisíocaíocht sin a thabhairt don turasóir nó don taistealaí, taobh istigh de 25 lá ón dearbhán deimhnithe a fháil.

Beidh fianaise go ndearnadh na hearraí cáilitheacha a iompórtáil isteach sa Bhreatain Mhór ag teastáil ó chónaitheoirí na Breataine Móire chomh maith leis an méid thuasluaite agus gur íocadh na cánacha agus na dleachtanna iompórtála ansin nuair is cuí. I ndáil leis seo, toisc go bhfeidhmíonn údaráis na Breataine Móire liúntas pearsanta maidir le dliteanas i leith cánacha iompórtála, ní iarrfaidh na Coimisinéirí Ioncaim fianaise ar iompórtáil isteach sa Bhreatain Mhór, fad agus nach sáraíonn an turasóir nó an taistealaí an liúntas pearsanta sin.

Agus ceannacháin á ndéanamh agat ní mór duit a chruthú don mhiondíoltóir gur turasóir nó taistealaí thú tríd an méid seo a leanas a chur ar fáil:

  • fianaise ar d’áit chónaithe
  • fianaise ar do dhátaí taistil isteach agus amach
  • dearbhú sínithe a dheimhníonn gur turasóir nó taistealaí tú agus go ndéanfaidh tú na hearraí a easpórtáil faoi théarmaí na scéime.

Agus ceannacháin á ndéanamh agat ní mór duit a chruthú don mhiondíoltóir gur turasóir nó taistealaí thú tríd an méid seo a leanas a chur ar fáil:

  • fianaise ar d’áit chónaithe
  • fianaise ar do dhátaí taistil isteach agus amach
  • dearbhú sínithe a dheimhníonn gur turasóir nó taistealaí tú agus go ndéanfaidh tú na hearraí a easpórtáil faoi théarmaí na scéime.

Má úsáideann tú gníomhaire aisíocaíochta, ní mór duit a nósanna imeachta sonracha a leanúint nuair a cheannaítear na hearraí cáilitheacha. Seachas i gcás earraí a bhfuil luach ard acu, ba chóir duit, agus tú ag imeacht ón Stát, do dhearbhán easpórtála a thabhairt don ghníomhaire. Socróidh an gníomhaire aisíocaíochta go ndeimhneoidh lucht Custam na dearbháin agus déanfaidh siad an aisíocaíocht riachtanach duit taobh istigh de 25 lá oibre ón deimhniú.

Úsáideann roinnt gníomhairí aisíocaíochta CBL cárta chun sonraí faoi gach ceannachán a fháil. Déantar cártaí den chineál sin a mhalartú ag an bpointe díolacháin gach uair a dhéanann turasóir nó taistealaí ceannachán cáilitheach. Ba chóir duit na nósanna imeachta sonracha a leanúint mar atá leagtha amach ag an ngníomhaire.

D'ainneoin an méid thuas, féadfaidh Oifigigh Custam seiceáil a dhéanamh lena chinntiú go bhfuil na hearraí á n-easpórtáil, agus mar sin tá sé tábhachtach go mbeadh siad ar fáil go héasca le haghaidh iniúchta, más gá.

Féach an rannán Céard iad na ceannachán ar a bhféadtar CBL a éileamh ar ais? le haghaidh eolas ar earraí a bhfuil luach ard orthu.

Ar aghaidh: Céard iad na ceannacháin ar a bhféadtar CBL a éileamh ar ais?