Easpórtálacha

Chun críocha Cánach Breisluacha (CBL), is easpórtálacha iad earraí a sheoltar díreach chuig ceann scríbe taobh amuigh de limistéar CBL an Aontais Eorpaigh (AE).

Is éard is ciall leis an téarma Limistéar CBL an AE ná an tAE, seachas na críocha gur codanna iad de Bhallstáit AE. Ní mheastar iad mar chuid den AE chun críocha CBL.

Tá tuilleadh eolais ar na críocha seo ar fáil faoi Treoir Bhreise.

Cén ráta CBL a fheidhmítear ar easpórtálacha?

Feidhmítear ráta nialasach CBL:

  • ar sholáthairtí earraí a iompraíonn soláthraí go díreach, nó a iompraítear thar ceann soláthraí, chuig ceann scríbe taobh amuigh de limistéar CBL an AE
  • ar sholáthar earraí atá le seoladh nó le hiompar go díreach taobh amuigh de limistéar CBL an AE ag ceannaitheoir na n-earraí nó thar a gceann, sa chás go bhfuil an ceannaitheoir úd bunaithe taobh amuigh den Stát.

Fianaise ar easpórtáil earraí le haghaidh CBL

Ní mór do sholáthraí na n-earraí easpórtáilte a chinntiú gur fhág na hearraí an AE.

Glacfar leo seo a leanas mar fhianaise gur fhág na hearraí an AE:

  • Nuair a úsáideann tú d’fheithiclí féin chun earraí a iompar taobh amuigh den AE, meastar gur easpórtáil tusa na hearraí. Sa chás seo, aistrítear úinéireacht na n-earraí chuig an gceannaitheoir atá ansin. San áireamh sa chruthúnas gur fhág earraí an AE bheadh an teachtaireacht um fhógra easpórtála (IE599) a eisíodh chuig an easpórtálaí.
  • Sa chás go ndéanann iompróir a ghníomhaíonn thar do cheann earraí a easpórtáil ar bord loinge, ba chóir cruthúnas a fháil ón gcuideachta loingseoireachta. San áireamh sa chruthúnas gur fhág earraí an AE bheadh cóip den bhille luchta, deimhniú lastais nó fógra lastais.
  • Sa chás go ndéanann iompróir a ghníomhaíonn thar do cheann earraí a easpórtáil ar aerárthach, ba chóir cruthúnas a fháil ón aerlíne. San áireamh sa chruthúnas gur fhág earraí an AE bheadh cóip shínithe den bhille aeriompair, le sonraí eitilte luaite ann.
  • Sa chás go n-easpórtálann tú earraí tríd an bpost, ba chóir deimhnithe postála a fháil ón bpostoifig óna seoltar iad. Má tá postleabhar á úsáid agat, ba chóir go ndéanfaí é a stampáil i gceart ag an bpostoifig óna seoltar iad.

I ngach cás, ní mór ainm iomlán agus seoladh iomlán an choinsíní a bheith le feiceáil go soiléir.

Easpórtálacha le comhlachtaí idirnáisiúnta

Caitear mar easpórtálacha le soláthar earraí nó seirbhísí chuig comhlachtaí idirnáisiúnta aitheanta.

Ní mór do na soláthairtí cloí le teorainneacha agus coinníollacha arna leagan síos ag na gcoinbhinsiúin idirnáisiúnta lena mbunaítear na comhlachtaí. Féadfaidh sé go mbeidh teorainneacha agus coinníollacha leagtha amach tríd na comhaontuithe idir ceanncheathrú na gcomhlachtaí sin agus ceanncheathrú an Bhallstáit aíochta.