Scéim Easpórtála Miondíola

Cén chaoi a n-oibríonn miondíoltóirí an scéim?

Mar mhiondíoltóir, féadfaidh tú an scéim a oibriú ar dhá bhealach. Féadfaidh tú:

  • an scéim a oibriú tú féin
  • gníomhaire aisíocaíochta a úsáid.

Má oibríonn tú an scéim tú féin, gearrfaidh tú Cáin Bhreisluacha (CBL) ar an díolachán leis an turasóir nó an taistealaí, eiseoidh tú dearbhán easpórtála a thaispeánfaidh sonraí an díolacháin sin agus tuairiscíonn tú CBL mar is gnách i do Thuairisceán CBL.

Nuair a gheobhaidh tú fianaise gur easpórtáladh na hearraí agus gur comhlíonadh coinníollacha eile na scéime, déanfaidh tú an méid seo a leanas:

  • aisíocfaidh tú an CBL leis an turasóir nó leis an taistealaí
  • agus
  • tógfaidh tú creidmheas i do Thuairisceán CBL as an CBL a tuairiscíodh roimhe seo.

Cén fhianaise a theastaíonn uait gur turasóir nó taistealaí duine?

Ní mór duit na taifid seo a leanas a thaifeadadh agus a choinneáil mar chruthúnas gur turasóir nó taistealaí an ceannaitheoir:

  • Dáta teachta isteach an turasóra nó an taistealaí chuig an Aontas Eorpach (AE).
  • An dáta imeachta beartaithe atá ag an turasóir nó an taistealaí ón AE.
  • Uimhir phas an turasóra nó an taistealaí.
  • Seoladh buan an turasóra nó an taistealaí taobh amuigh den AE.
  • Dearbhú sínithe nach raibh an turasóir nó an taistealaí ina chónaí san AE nó i dTuaisceart Éireann ag tráth an cheannacháin. 

Céard iad na taifid nach mór duit a choinneáil maidir le gach díolachán?

Ní mór duit an t-eolas seo a leanas a choinneáil maidir le gach díolachán mar chuid de do thaifid:

  • Cóip den dearbhán easpórtála a eisíodh don turasóir nó an taistealaí.
  • Ainm agus seoladh buan an turasóra nó an taistealaí
  • Dáta an idirbhirt.
  • Cur síos ar na hearraí a soláthraíodh.
  • Suim an cheannachán agus suim an CBL a gearradh (nó 'CBL as' má tá sé seo infheidhme).
  • Síniú an turasóra nó an taistealaí.
  • An ráta malairte nó an modh atá le húsáid chun an ráta a chinneadh, má tá an aisíocaíocht le déanamh in airgeadra seachas Euro.

Níor chóir, i gcúinse ar bith, doiciméid na Scéime Easpórtála Miondíola neamh-líonta a thabhairt do thurasóir nó do thaistealaí lena gcríochnú iad féin ina dhiaidh sin.

Nuair a dhéanann tú aisíocaíocht leis an turasóir nó leis an taistealaí, ní mór duit an méid seo a leanas a choinneáil mar chuid de do thaifid:

  • An ghlansuim iarbhír a aisíocadh leis an turasóir nó an taistealaí.
  • Dáta agus modh aisíocaíochta.

Cén fhianaise a theastaíonn uait gur easpórtáladh na hearraí?

I ngach cás iarrtar ort an dearbhán easpórtála atá deimhnithe ag Oifigeach Custam a choinneáil.

Ina theannta sin, i gcás

  • ina ndéanann turasóir nó taistealaí a bhfuil cónaí orthu sa Bhreatain Mhór na hearraí a easpórtáil
  • agus
  • go sáraíonn luach iomlán do dhíolacháin leis an duine sin an liúntas pearsanta chun cánacha ar iompórtálacha a íoc sa Bhreatain Mhór

beidh fianaise ag teastáil uait freisin go bhfuil an CBL agus na dleachtanna iompórtálacha atá iníoctha faoi dhlí na Ríocht Aontaithe íoctha ar iompórtáil na n-earraí isteach sa Bhreatain Mhór, nuair is cuí. 

An fianaise atá ag teastail ná an:

  • Admháil ó Choimisinéirí Ioncaim agus Custam an Rí (HMRC) ag taispeáint cánacha agus dleachtanna iompórtála íoctha
  • agus
  • duillín dleachta eisithe ag Fórsa Teorann na Ríocht Aontuithe.

Céard a tharlóidh má tá an díolachán neamhbhailí nó má tharlaíonn frithdhíolachán?

Sa chás go bhfuil díolachán neamhbhailí i gceist, ní mór duit cóipeanna bunaidh de na doiciméid uile a bhaineann leis an díolachán sin a fháil agus na doiciméid sin a choinneáil mar chuid de do thaifid. Folaíonn sé seo admhálacha bunaidh a d’eisigh tú don turasóir nó don taistealaí. Sampla de dhíolachán neamhbhailí is ea nuair a thugtar earraí a dhíoltar ar ais.

Céard a tharlóidh má úsáidim gníomhaire aisíocaíochta?

Má úsáideann tú gníomhaire aisíocaíochta, déanfaidh tú comhaontú leis an ngníomhaire sin. Is éard atá i gceist leis seo ná na hearraí a dhíol leis an ngníomhaire aisíocaíochta a dhéanann díol na n-earraí sin ag an am céanna leis an turasóir nó an taistealaí. Comhlánaíonn tú sonrasc maidir leis an díolachán leis an ngníomhaire agus tuairiscíonn tú an CBL, i do Thuairisceán CBL, mar is gnách.

Ar aghaidh: Cén chaoi a n-oibríonn gníomhairí aisíocaíochta an scéim?