Amhras faoi chánachas CBL idirbhirt

Céard is léiriú amhrais ann chun críocha Cánach Breisluacha (CBL)?

Féadtar litir um ‘léiriú amhrais’ a thaisceadh leis na Coimisinéirí Ioncaim a bhaineann le feidhmiú an dlí CBL ar idirbheart. Folaíonn sé seo amhras faoin ráta CBL atá le gearradh ar idirbheart.

Cuirfidh na Coimisinéirí Ioncaim in iúl duit má ghlactar le do 'léiriú amhrais' mar léiriú fíor nó nach bhfuil.

Cuirfidh na Coimisinéirí Ioncaim in iúl duit ansin go bhfuil an dlí á chur i bhfeidhm i gceart maidir leis an ábhar ar léirigh tú amhras ina leith. Tar éis dúinn ár bhfreagra a fháil, d'fhéadfadh dliteanas breise teacht chun cinn. Ba chóir duit aon dliteanas breise a íoc sa tréimhse incháinithe ina bhfaigheann tú an fógra.

Sna cúinsí atá leagtha amach thuas, ní chuirfear aon ús i bhfeidhm ar an dliteanas breise maidir leis an 'léiriú amhrais'.

An bhféadtar achomharc a dhéanamh ar dhiúltiú na gCoimisinéirí Ioncaim glacadh le léiriú amhrais?

Má dhiúltaíonn na Coimisinéirí Ioncaim glacadh go bhfuil an léiriú amhrais fíor, féadtar achomharc a chur faoi bhráid an Choimisiúin um Achomhairc Chánach.

Tá tuilleadh eolais ar aighneachtaí léirithe amhrais le fáil sa rannán Treoir Bhreise.