Féinchuntasaíocht i leith CBL ar sheirbhísí a fhaightear

Nuair atá tú ag fáil seirbhísí go heachtrach chun críocha gnó, féadfaidh sé go mbeidh ort clárú le haghaidh Cáin Bhreisluacha (CBL) sa Stát agus cuntas a thabhairt uirthi. Féadann seirbhísí a fhaightear go heachtrach a bheith ina seirbhísí ón Aontas Eorpach (AE) agus ó thaobh amuigh den AE. Sna cúinsí seo, breathnaítear ort mar sholáthraí na seirbhísí chun críocha CBL.

Níl aon tairseach clárúcháin ann le haghaidh seirbhísí a fhaightear.

Gnó cláraithe le haghaidh CBL

Ní mór duit cuntas a thabhairt ar CBL ar do thuairisceán tréimhsiúil CBL ar na méideanna sonraisc ag an ráta cuí CBL in Éirinn. Caitear leat amhail tusa a rinne an soláthar. Tugtar féinchuntasaíocht air seo.

Ní mór duit d’uimhir CBL a thabhairt do do sholáthraí, é sin nó féadfaidh sé go mbeidh ort CBL a íoc sa Bhallstát eile.

Féadfaidh sé go mbeidh tú i dteideal an CBL a éileamh ar ais sa tuairisceán céanna CBL.

Gnó díolmhaithe ó CBL

Comhlachtaí atá díolmhaithe ó CBL a fhaigheann seirbhísí incháinithe chun críocha gnó lasmuigh den Stát, ní mór dóibh clárú le haghaidh CBL agus cuntas a thabhairt ar CBL in Éirinn. Samplaí de ghnóthaí atá díolmhaithe ó CBL ná geallghlacadóirí, bainc, cuideachtaí árachais.

Feirmeoirí cothromráta, iascairí agus traenálaithe capall rásaíochta

Tá feirmeoirí cothromráta, iascairí agus traenálaithe capall rásaíochta a chláraíonn i ndáil le seirbhísí den sórt sin a fháil, i dteideal a stádas neamhchláraithe a choimeád maidir lena ngníomhartha feirmeoireachta agus iascaireachta.

Soláthar seirbhísí do dhaoine dlítheanacha neamh-incháinithe

Daoine dlítheanacha neamh-incháinithe a bhfuil uimhir a bhfuil gá uimhir CBL a bheith acu, iarrtar orthu a n-uimhir CBL a thabhairt do sholáthraithe eachtracha agus féinchuntasaíocht a dhéanamh ar na seirbhísí a fhaightear. Samplaí de dhaoine dlítheanacha neamh-incháinithe ná údaráis áitiúla, gníomhaireachtaí Stáit agus comhlachtaí leathstáit.

Daoine dlítheanacha neamh-incháinithe nach bhfuil uimhir CBL acu, ní iarrtar orthu cuntas a thabhairt ar CBL ar sheirbhísí a fhaightear go heachtrach.