Clárúchán d'fheirmeoirí agus seirbhísí talmhaíochta
An gá d'fheirmeoirí clárú le haghaidh CBL?
Má bhíonn tú ag gabháil go heisiach do ghníomhaíochtaí táirgthe talmhaíochta, níl tú faoi oibleagáid clárú do Cháin Bhreisluacha (CBL). Ón 1 Eanáir, tá feidhm ag na gnáthrialacha clárúcháin maidir le feirmeoirí atá ag gabháil do sheirbhísí sicín grísce.
Tá tú faoi oibleagáid clárú le haghaidh CBL sna cásanna seo a leanas:
- Sáraíonn do láimhdeachas bliantúil ó ghníomhaíochtaí conraitheoireacht talmhaíochta seachas seirbhísí inseamhnaithe, fosaíochta stoic agus tógála stoic €42,000 sa bhliain féilire reatha nó sa bhliain roimhe seo.
- Sáraíonn do láimhdeachas bliantúil ó dhíol seamhan buaibheach, €85,000 sa bhliain féilire reatha nó sa bhliain roimhe seo. Nóta: ní áirítear sa fhigiúr láimhdeachais seo díolacháin le feirmeoirí eile atá ceadúnaithe mar ionad Inseamhnaithe Shaorga nó soláthairtí do dhaoine a bhfuil smacht agat orthu.
- Sáraíonn do láimhdeachas bliantúil ó dhíolacháin mhiondíola ar tháirgí gairneoireachta €85,000 sa bhliain féilire reatha nó sa bhliain roimhe seo.
- Sáraíonn do láimhdeachas bliantúil ó dhíol seamhan bó agus dhíolacháin mhiondíola ar tháirgí gairneoireachta €85,000 sa bhliain féilire reatha nó sa bhliain roimhe sin.
- Sáraíonn do láimhdeachas bliantúil ó sheirbhísí talmhaíochta nó ó tháirgí den chineál atá sonraithe in ordú faoi 86A, na tairseacha cuí sa bhliain féilire reatha nó sa bhliain roimhe seo.
- Sáraíonn do láimhdeachas bliantúil ó earraí nó seirbhísí incháinithe, seachas aon eisiaimh thuasluaite, na tairseacha cuí sa bhliain féilire reatha nó sa bhliain roimhe seo.
Ní mór duit clárú freisin sa chás:
- Go bhfaigheann tú seirbhísí atá incháinithe san áit ina bhfaightear iad.
- Go sáraíonn nó gur cosúil go sáróidh do láimhdeachas bliantúil ó fháltais laistigh den Chomhphobal €41,000.
Féadtar freisin rogha a dhéanamh clárú le haghaidh CBL go deonach.
Féadtar teacht ar fhaisnéis níos mionsonraithe maidir le cánachas CBL d'fheirmeoirí sa rannán Treoir bhreise.