Cé ba chóir clárú le haghaidh CBL?

Cé a fhéadfaidh rogha a dhéanamh clárú le haghaidh CBL?

Féadfaidh na daoine incháinithe seo a leanas atá bunaithe sa Stát rogha a dhéanamh clárú le haghaidh Cáin Bhreisluacha (CBL):

  • Feirmeoirí
  • Iascairí
  • Gnóthais nach sáraíonn na tairseacha CBL.

An bhféadtar do rogha chun clárú a shiardhátú?

Ní fhéadtar. Ní fhéadtar roghnú clárú le haghaidh CBL ach ó dháta reatha.

Dualgais tar éis clárú le haghaidh CBL

Tá na nósanna imeachta maidir le ‘clárú’ le haghaidh CBL mar an gcéanna dá mbeadh dualgas ort clárú le haghaidh CBL.

Ar aghaidh: An rogha cáin a ghearradh ar ligean