Clárúchán do leachtaitheoirí, glacadóirí agus morgáistithe i seilbh

Féadfaidh leachtaitheoirí, glacadóirí agus morgáistithe i seilbh sócmhainní duine chuntasaigh a dhiúscairt. Sna cúinsí seo, ní mór dóibh clárú le haghaidh Cáin Bhreisluacha (CBL) agus an CBL a íoc ar dhiúscairtí den chineál sin.

Áirítear leis seo diúscairt sócmhainní chun fiachais a shásamh, go hiomlán nó i bpáirt, nó i gcás cuideachta a fhoirceannadh.