Cé ba chóir clárú le haghaidh CBL?

  1. Léargas ginearálta
  2. Céard iad na tairseacha CBL?
  3. Daoine ar gá dóibh clárú go díreach mar gheall ar earraí nó seirbhísí a fhaightear ón gcoigríoch
  4. Cé a fhéadfaidh rogha a dhéanamh clárú le haghaidh CBL?
  5. An rogha cáin a ghearradh ar ligean

Daoine ar gá dóibh clárú go díreach mar gheall ar earraí nó seirbhísí a fhaightear ón gcoigríoch

De ghnáth, ní iarrfaí ar na daoine seo a leanas clárú le haghaidh Cáin Bhreisluacha (CBL) sa Stát:

  • Gnóthais nach bhfuil cláraithe le haghaidh CBL
  • Gnóthais dhíolmhaithe, amhail bainc
  • Comhlachtaí poiblí, amhail údaráis áitiúla, gníomhaireachtaí Stáit agus comhlachtaí leathstáit
  • Feirmeoirí, iascairí nó traenálaithe capall rása.

Ach, féadfaidh sé go mbeadh orthu clárú agus cuntas i leith CBL a choinneáil i leith seirbhísí incháinithe a fuarthas taobh amuigh den Stát nó Fáltais laistigh den Chomhphobal.

Daoine díolmhaithe agus daoine neamh-incháinithe áirithe ag fáil earraí laistigh den AE

Tá dualgas ar dhaoine díolmhaithe agus ar dhaoine neamh-incháinithe áirithe clárú agus cuntas a thabhairt ar CBL i gcúinsí áirithe. Áirítear leis na cúinsí seo cásanna ina gceannaíonn, nó inar chosúil go gceannóidh siad earraí ó Bhallstáit eile. Is gá duit clárú sa chás gur mó, nó gur cosúil gur mó na hearraí sin agus €41,000 in aon tréimhse 12 mhí.

Féadfaidh sé go n-iarrfaí ar fheirmeoirí cothromráta, iascairí agus traenálaithe capall rása clárú i ndáil le hearraí den chineál sin a fháil, faoi réir na tairsí cuí. Féadfaidh siad a stádas neamhchláraithe a choinneáil i ndáil lena ngníomhaíochtaí feirmeoireachta nó iascaireachta.

Ní fhéadtar CBL a aiséileamh más duine díolmhaithe nó neamh-incháinithe thú.

Daoine díolmhaithe agus daoine neamh-incháinithe áirithe a fhaigheann seirbhísí incháinithe ó thar lear

Ní mór do dhaoine díolmhaithe agus do dhaoine neamh-incháinithe áirithe clárú agus cuntas a thabhairt ar CBL má tá siad ag fáil seirbhísí incháinithe ó thar lear. Tagann an dualgas seo aníos, is cuma luach na n-earraí sin.

Is gá d’fheirmeoirí cothromráta, iascairí agus traenálaithe capall rása clárú má fhaigheann siad seirbhísí den chineál sin. Féadfaidh siad a stádas neamhchláraithe a choinneáil i ndáil lena ngníomhaíochtaí feirmeoireachta nó iascaireachta.

Ní fhéadtar CBL a aiséileamh más duine díolmhaithe nó neamh-incháinithe thú.

CBL a íoc ar sheirbhísí ón gcoigríoch

Ní mór CBL ar na suimeanna sonrasctha ag an ráta cuí CBL Éireannach a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim i do thuairisceán tréimhsiúil CBL. Féadfaidh sé go bhfuil tú incháilithe chun an CBL a aiséileamh ag an am céanna.

Trí d’uimhir CBL a thabhairt do do sholáthraí, seachnóidh tú CBL a íoc sa Bhallstát eile.

Ar aghaidh: Cé a fhéadfaidh rogha a dhéanamh clárú le haghaidh CBL?