Cé ba chóir clárú le haghaidh CBL?

An rogha cáin a ghearradh ar ligean

Tá ligean maoine díolmhaithe ó Cháin Bhreisluacha (CBL). Mar thiarna talún, féadfaidh tú roghnú cáin a ghearradh ar ligean maoine áirithe. Ach, má tá maoine iomadúla agat féadfaidh tú teorainn a chur ar an rogha cáin a ghearradh ar mhaoin amháin nó ar mhaoine sonraithe.

Má roghnaíonn tú cáin a ghearradh ar ligean, ní mór duit clárú agus CBL a íoc ar na cíosanna ó na maoine sin.

Ní fhéadtar roghnú cáin a ghearradh:

  • ar mhaoin chónaithe a ligean
  • ar mhaoin a ligean idir daoine bainteacha, nuair tá in-asbhainteacht níos lú ná 90% ag an tionónta.