Earraí dho-aistrithe a ligean

Tugtar eolas sa rannán seo ar an gcánachas Cánach Breisluacha (CBL) ar mhaoin a ligean ó 1 Iúil 2008. Mar sin féin, ní bhaineann sé le ligin atá clúdaithe ag bearta idirthréimhseacha le haghaidh tarscaoileadh díolúine.

Is seirbhís é maoin a ligean, agus áirítear leis maoin a ligean ar léas agus a thógáil ar léas. Ní áirítear soláthairtí léasanna saorsheilbhe coibhéiseacha leis. Tá ligin díolmhaithe ó CBL.

Féadfaidh tiarna talún cáin a ghearradh ar an ligean áfach, seachas:

  • nuair atá an mhaoin á húsáid chun críocha cónaitheachta
  • nuair is le páirtí bainteach atá an ligean, ach amháin má tá an tionónta i dteideal 90% ar a laghad 90% den cháin inmhuirir ar an gcíos a asbhaint.

Préimheanna incháinithe i gcúinsí áirithe iad préimheanna íoctha idir tiarnaí talún agus tionóntaí, nó le tríú páirtithe. Is éard is préimh ann ná suim iníoctha i dtaca le léas a dheonú, a ghéilleadh, nó a shannadh.

Tá tuilleadh eolais ar fáil sa rannán Treoir bhreise maidir leis an:

  • gcánachas CBL ar ligean earraí dho-aistrithe
  • agus
  • soláthairtí cóiríochta éigeandála agus fosheirbhísí