Bearta idirthréimhseacha maidir le léasanna oidhreachta

Pléitear sa rannán seo le bearta idirthréimhseacha maidir le léasanna oidhreachta. In éineacht le léasanna ruílse nó léasanna ruílse coibhéiseacha arna gcoinneáil roimh 1 Iúil 2008 , déantar tagairt do na léasanna seo mar mhaoine idirthréimhseacha.

Is leasanna i maoin iad léasanna oidhreachta:

  • ar caitheadh leo mar sholáthar earraí faoi na seanrialacha Cánach Breisluacha (CBL) ar mhaoin
  • agus
  • arb é atá ann ná léas deich mbliana nó níos faide agus a cruthaíodh roimh 1 Iúil 2008.

Ní áirítear sa téarma seo leasanna ar leasanna ruílse coibhéiseacha iad.

Ní mór an léas:

  • a bheith coinnithe ag duine incháinithe ar an 1 Iúil 2008
  • agus
  • ní mór é a bheith mar chuid shócmhainní gnó ar an dáta sin.

Tagann na nithe seo a leanas taobh istigh de na bearta idirthréimhseacha:

  • an cánachas CBL ar shannadh agus géilleadh léasanna oidhreachta
  • an cánachas CBL ar ghníomhais athruithe
  • cén chaoi le cuntas a thabhairt i leith CBL ar léasanna oidhreachta
  • Scéim Earraí Caipitiúla agus léasanna oidhreachta
  • costais iar-ligin i dtaca le léasanna oidhreachta
  • díol maoine tar éis léas oidhreachta a ghéilleadh
  • an cánachas CBL a bhaineann le léas oidhreachta frithdhílse.

Tá tuilleadh eolais in Treoir Bhreise ar an gcánachas CBL a bhaineann le bearta idirthréimhseacha maidir le léasanna oidhreachta.