Díolúine a Tharscaoileadh

Feidhmítear tarscaoileadh díolúine ó Cháin Bhreisluacha (CBL) maidir le maoine áirithe a ligtear ar cíos, i gcás:

  • ina raibh téarma an léasa níos lú ná deich mbliana
  • agus
  • inar tharscaoil an tiarna talún a cheart chun díolúine a fhó CBL i leith an léasa nó na léasuithe roimh an 1 Iúil 2008.

Ó 23 Nollaig 2025 cuirfear gach tarscaoileadh díolúine ó CBL ar ceal go huathoibríoch. Tá tréimhse choigeartaithe don Scéim Earraí Caipitiúla i leith aon mhaoin a bhí clúdaithe ag tarscaoileadh tagtha chun deiridh freisin.

Beidh aon ligean ar cíos a bhí clúdaithe roimhe seo le tarscaoileadh díolúine ina ligean díolmhaithe go huathoibríoch i leith CBL. Feadfaidh tiarna talún 'rogha an tiarna talún a fheidhmiú cáin a ghearradh' i leith léasuithe ar mhaoin tráchtála. Mar sin féin, ní fhéadtar 'rogha an tiarna talún chun cáin a ghearradh' a fheidhmiú i leith maoine cónaithe.

I gcás nach bhfeidhmítear 'rogha tiarna talún chun cáin a ghearradh', fanfaidh na léasuithe ar cíos:

  • díolmhaithe ó CBL
  • agus
  • ní bheidh aon asbhaint i leith aon chostais amach anseo a bhaineann leis an léas. 

Tá treoir maidir leis an rogha chun cáin a ghearradh clúdaithe faoi earraí do-aistrithe a ligean ar cíos.

Féadtar teacht ar fhaisnéis níos mionsonraithe ar na hathruithe a bhaineann leis na rialacha maidir le tarscaoileadh díolúine sa rannán treoir bhreise .