Soláthraí measta

I gcúinsí áirithe, is éard is soláthraí measta ann ná duine incháinithe a bhfuil comhéadan leictreonach á oibriú acu chun soláthar earraí a éascú.

Sa chás gur soláthraí measta é an comhéadan le haghaidh idirbheart, caitear leo ar an gcaoi chéanna agus aon soláthraí eile. Iarrtar ar sholáthraí measta a gcuid dualgais Cánach Breisluacha (CBL) maidir leis an soláthar sin a chomhlíonadh. I measc na ndualgas seo tá an CBL dlite ar an soláthar a bhailiú agus a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim.

Tá feidhm ag an riail um sholáthraí measta nuair a dhéantar na soláthairtí seo a leanas a éascú:

  • ciandíolacháin earraí a iompórtáiltear ó thaobh amuigh den Aontas Eorpach (AE) i gcoinsíneachtaí ar luach intreach nach mó ná €150. Tá sé seo i bhfeidhm, is cuma cén áit a bhfuil gnó an tsoláthraí bunaithe
  • soláthar earraí taobh istigh den Chomhphobal chuig duine neamh-incháinithe agus an soláthraí bunaithe taobh amuigh den Chomhphobal. Tá sé seo i bhfeidhm, is cuma luach an tsoláthair sin.

Féadann soláthraí measta roghnú clárú do Scéim an Aontais faoin Ionad Uileghnó (OSS). Tá soláthar áirithe earraí taobh istigh den AE clúdaithe faoin scéim seo.

Féadtar roghnú chomh maith clárú don Ionad Uileghnó Iompórtála (IOSS). Feidhmítear an scéim seo i dtaca le hiompórtálacha áirithe earraí isteach chuig an AE.

Tá tuilleadh eolais ar an soláthraí measta ar fáil sa rannán Treoir bhreise.