Clárú le haghaidh cánach

Eisiamh ó thíolacadh leictreonach éigeantach

Mura bhfuil an cumas agat tuairisceáin agus íocaíochtaí a dhéanamh go leictreonach, féadtar iarratas a dhéanamh a bheith eisiata ón dualgas é seo a dhéanamh. Féadfaidh muid eisiamh a dheonú sna cásanna seo:

  • mura bhfuil rochtain dhóthanach agat ar an idirlíon
  • ní féidir leat ríomh-thíolacadh a dhéanamh de bharr:
    • aois
    • éagumas meabhrach
    • éagumas fisiceach.

Cén chaoi le hiarratas a dhéanamh

Mura bhféadann tú ríomhthíolacadh a dhéanamh ba chóir duit scríobh chuig d’oifig áitiúil de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim, chun do chúis a shonrú agus eisiamh a iarraidh. Scríobh 'iarratas eisiaimh' ar an gclúdach litreach.

Má dhiúltaíonn muid d’iarratas, féadfaidh tú achomharc a dhéanamh ar an gcinneadh. Chun é seo a dhéanamh, comhlánaigh foirm d’Fhógra um Achomharc agus sheol chuig an gCoimisiún um Achomhairc Chánach (TAC) í. Féadtar an fhoirm seo agus sonraí teagmhála a fháil ar shuíomh idirlín an TAC