Clárú le haghaidh cánach

Céard is Uimhir Chláraithe Cánach ann?

Eisíonn na Coimisinéirí Ioncaim Uimhir Chláraithe Cánach (UCC) nuair a chláraíonn tú le haghaidh cánach mar thrádálaí aonair, iontaobhas, comhpháirtíocht nó comhlacht.

Ní mór duit do UCC a úsáid nuair a bhíonn tú i mbun trádála agus nuair a thíolacann tú do thuairisceáin chánach mar thrádálaí aonair, iontaobhas, comhpháirtíocht nó comhlacht.

Tabhair do d’aire

Mar thrádálaí aonair, beidh do UCC mar an gcéanna le d’Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP). Ní bheidh do UPSP mar UCC agat go dtí go gcláraíonn tú leis na Coimisinéirí Ioncaim mar thrádálaí aonair.

Ar aghaidh: ríomh-Chlárúchán