Clárú le haghaidh cánach
Cén chaoi le clárú le haghaidh cánach mar iontaobhas nó mar chomhpháirtíocht
Nuair a bhunaítear iontaobhas nó comhpháirtíocht, ní mór duit nó do ghníomhaire cánach na Coimisinéirí Ioncaim a chur ar an eolas faoi.
Má tá gníomhaire cánach ag déanamh ionadaíochta ar son do chomhpháirtíochta, ba chóir dóibh iarratas a thíolacadh ar líne ar do shon trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).
Mura bhfuil gníomhaire cánach ag déanamh ionadaíochta ar do chomhpháirtíochta, ní mór duit Foirm TR1 a chomhlánú a fhéadtar a úsáid chun:
Ní mór d'iontaobhais nó comhpháirtíochtaí neamhchónaitheacha Foirm TR1 (FT) a chomhlánú.
Tabhair do d'aire
Is féidir le seiceadóir nó riarthóir nach ndéanann gníomhaire ionadaíocht dóibh Foirm TR4 a chomhlánú chun eastát a chlárú do Cháin Ioncaim nó Cáin Gnóthachan Caipitiúil (CGC). Taobh amuigh den fhoirm seo, ní mór Foirm TR1 a chomhlánú do riachtanais clárúcháin a bhaineann le cánacha gnó breise nó eile.
Tabharfar Uimhir Tagartha Cánach duit le húsáid agus tú ag trádáil agus ag tíolacadh do thuairisceán cánach.
Tuairisceáin a thíolacadh agus íocaíochtaí a dhéanamh
Nuair a bheidh d’iontaobhas nó comhpháirtíocht cláraithe, ní mór duit ROS a úsáid chun tuairisceáin a thíolacadh agus íocaíochtaí a dhéanamh araon.
Ar aghaidh: Cén chaoi le clárú le haghaidh cánach mar chuideachta nua