Céard iad rátaí CBL ann?

An dara ráta laghdaithe CBL

Rátaí reatha

Baineann an dara ráta laghdaithe Cánach Breisluacha (CBL) le hearraí agus seirbhísí áirithe, lena n-áirítear:

  • tréimhseacháin
  • ríomhthréimhseacháin áirithe. Ní chuimsíonn sé seo:
    • iad sin atá tiomnaithe go hiomlán nó den chuid is mó d'fhógraíocht
    • iad sin atá comhdhéanta go hiomlán nó den chuid is mó d'ábhar fuaime nó físe.
  • áiseanna rannpháirtíochta spóirt, arna soláthar ag duine seachas eagraíocht dheonach neamhbhrabúis.
  • soláthar leictreachais[1]
  • soláthar gáis a úsáidtear le haghaidh téamh nó soilsiú tí nó tionsclaíoch, cibé acu i bhfoirm ghásach nó leachtach[1]. Ní chuimsíonn sé seo:
    • gás feithicle
    • gás peitriliam leachtaithe lena úsáid mar thiomántán
    • gás le haghaidh táthú nó gearrtha miotail
    • agus
    • gás a dhíoltar mar bhreosla lastóra[1]
  • an soláthar agus tógáil d'árasáin cháilitheacha agus do bhloic árasán cháilitheacha, go dtí go bhfuil siad críochnaithe.[2]
  • soláthairtí lónadóireachta agus bialainne, (seachas alcól, deochanna boga agus uisce buidéil
  • bia te le beir leat agus tae agus caife te[3]
  • seirbhísí gruagaireachta[3]

[1]Tá feidhm ag an dara ráta laghdaithe don tréimhse ón 01 Bealtaine 2022 go 31 Nollaig 2030.

[2]Tagann an dara ráta laghdaithe don tréimhse de bheith i bhfeidhm ón 26 Samhain 2025 go 31 Nollaig 2030.

[3]Tá feidhm ag an dara ráta laghdaithe le héifeacht ón 1 Iúil 2026. Ón 01 Meán Fómhair 2023 go 30 Meitheamh 2026, beidh feidhm ag an ráta laghdaithe.

Rátaí roimhe seo

Don tréimhse ón 08 Deireadh Fómhair 2025 go 25 Samhain 2025, tá soláthar árasán cáilitheach áirithe faoi réir an dara ráta laghdaithe

Don tréimhse ón 1 Samhain 2020 go dtí an 31 Lúnasa 2023, tá na soláthairtí seo a leanas faoi réir an dara ráta laghdaithe CBL:

  • soláthairtí lónadóireachta agus bialainne, (seachas alcól, deochanna boga agus uisce buidéalaithe
  • bia te le beir leat agus tae agus caife te
  • ligin óstáin, amhail tithe aíochta, páirceanna carbhán nó láithreacha campála
  • ceadanna isteach do phictiúrlanna, amharclanna, léirithe ceoil, músaeim, taispeántais nó dánlanna ealaíne
  • na cineálacha seirbhísí siamsaíochta a bheadh ar fáil de ghnáth i bpáirceanna aonaigh nó páirceanna siamsaíochta
  • cead isteach d’fheirm oscailte
  • seirbhísí gruagaireachta
  • agus
  • ábhar áirithe clóite, amhail bróisiúir, bileoga eolais, catalóga nó ceol clóite (seachas leabhair).

Ón 1 Meán Fómhair 2023, tá feidhm ag an ráta laghdaithe CBL maidir leis na soláthairtí thuasluaite.

Ar aghaidh: Ráta nialasach CBL