Seirbhísí bainteach le hearraí in-aistrithe

Tugtar achoimre sa rannán seo ar an gcánachas Cánach Breisluacha (CBL) a bhaineann le hearraí in-aistrithe, amhail:

  • deisiúcháin
  • luacháil
  • obair ar conradh.

Braitheann an cánachas CBL ar cibé acu an bhfuil tú ag déanamh soláthairtí chuig duine neamh-incháinithe nó chuig daoine atá cláraithe le haghaidh CBL.

Céard é an cánachas CBL a bhaineann le soláthairtí chuig daoine neamh-incháinithe?

Meastar gur san áit a ndéantar an obair go fisiciúil a sholáthraítear earraí inaistrithe do dhaoine neamh-incháinithe. Áirítear leis seo:

  • deisiúcháin
  • cothabháil
  • obair ar conradh
  • luacháil ar earraí inaistrithe.

Céard é an cánachas CBL a bhaineann le soláthairtí chuig daoine atá cláraithe le haghaidh CBL?

Tugtar achoimre ardleibhéil sna táblaí thíos ar an gcaoi a bhfeidhmítear na rialacha ginearálta ar áit an tsoláthair ar na seirbhísí seo.

Tábla 1A – cánachas CBL ar obair ar conradh
(Céim 1 — na hearraí a thabhairt ar láimh lena bpróiseáil)
CustaiméirPróiseálaíCánachas CBL

1. Éire

Éire

Gan soláthar

2. Éire

Ballstát eile

Níl aon aistriú incháinithe ó Éirinn i gceist, ar an gcoinníoll go gcuirtear earraí, ón uair a bhfuil obair curtha i gcrích orthu, ar ais chuig an gcustaiméir céanna in Éirinn. Mura gcuirtear ar ais chuig an gcustaiméir céanna in Éirinn iad, ansin déanann an custaiméir aistriú incháinithe go Ballstát eile agus féadfaidh sé go mbeadh air clárú le haghaidh CBL ansin. Ba chóir an t-aistriú a chlárú sa Chóras Malartaithe Faisnéise CBL (VIES).

3. Ballstát eile

Éire

Níl aon Fháltas Laistigh den Chomhphobal i gceist leis an gcustaiméir ar an gcoinníoll go gcuirtear earraí atá obair críochnaithe orthu ar ais chuig an gcustaiméir céanna in Éirinn. Mura gcuirtear ar ais iad chuig an gcustaiméir céanna ansin déanann an custaiméir Fáltas Laistigh den Chomhphobal in Éirinn agus ní mór dóibh clárú anseo.

Tábla 1B – cánachas CBL ar obair ar conradh
(Céim 2 — tar éis obair a bheith curtha i gcrích)
PróiseálaíCustaiméirCánachas CBL

1. Éire

Éire

Soláthar seirbhísí. Próiseálaí faoi dhliteanas ag an ráta a bhaineann le soláthar earraí críochnaithe.

2. Ballstát eile

Éire

Soláthar seirbhísí. Custaiméir faoi dhliteanas in Éirinn má luaitear uimhir CBL na hÉireann agus má sheoltar na hearraí as an mBallstát eile ina bhfuil an obair á déanamh. CBL iníoctha ag an ráta a bhaineann le soláthar earraí críochnaithe. Mura n-úsáidtear uimhir CBL na hÉireann nó má fhanann earraí i mBallstát eile ansin tá an próiseálaí faoi dhliteanas CBL sa Bhallstát eile.

3. Éire

Ballstát eile

Soláthar seirbhísí. Custaiméir faoi dhliteanas sa Bhallstát eile faoi mheicníocht fhrithmhuirir má sheoltar earraí as Éirinn agus má luann an custaiméir a n-uimhir féin CBL sa Bhallstát eile. Má fhanann na hearraí in Éirinn nó mura luaitear uimhir CBL sa Bhallstát eile, ansin tá an próiseálaí faoi dhliteanas in Éirinn ag ráta CBL a bhaineann le soláthar earraí.

Tábla 2A – Cánachas CBL ar luacháil/obair ar earraí in-aistrithe (seachas obair ar conradh)
(Céim 1 — earraí a thabhairt ar láimh le seirbhísiú a dhéanamh orthu).
CustaiméirDeisitheoirCánachas CBL

1. Éire

Éire

Gan soláthar

2. Éire

Ballstát eile

Níl aon aistriú incháinithe ó Éirinn i gceist, ar an gcoinníoll go gcuirtear earraí, ón uair a bhfuil obair curtha i gcrích orthu, ar ais chuig an gcustaiméir céanna in Éirinn. Mura gcuirtear ar ais chuig an gcustaiméir céanna in Éirinn iad, ansin déanann an custaiméir aistriú incháinithe go Ballstát eile agus féadfaidh sé go mbeadh air cláru ansin. San áireamh sa Chóras Malartaithe Faisnéise CBL (VIES).

3. Ballstát eile

Éire

Níl aon Fháltas Laistigh den Chomhphobal i gceist leis an gcustaiméir ar an gcoinníoll go gcuirtear na hearraí ar ais nuair atá obair críochnaithe orthu chuig an gcustaiméir céanna sa Bhallstát ónar tháinig siad roimhe sin. Mura gcuirtear ar ais iad chuig an gcustaiméir céanna ansin déanann an custaiméir Fáltas Laistigh den Chomhphobal in Éirinn agus ní mór dóibh clárú anseo.

Tábla 2B – cánachas CBL ar luacháil/obair ar earraí inaistrithe (seachas obair chonartha)
(Céim 2 tar éis seirbhís a bheith críochnaithe).
DeisitheoirCustaiméirCánachas CBL

1. Éire

Éire

Soláthar seirbhísí. CBL gearrtha ag an ráta a bhaineann le soláthar seirbhísí.

2. Ballstát eile

Éire

Custaiméir faoi dhliteanas in Éirinn faoi mheicníocht frithmhuirir má luaitear uimhir CBL in Éirinn. Tarlóidh sé seo má sheoltar na hearraí ón mBallstát ina gcuirtear an obair i gcrích. Mura n-úsáidtear an uimhir CBL in Éirinn nó má fhanann na hearraí i mBallstát eile ansin tá an deisitheoir faoi dhliteanas CBL sa Bhallstát eile.

3. Éire

Ballstát eile

Custaiméir faoi dhliteanas sa Bhallstát eile faoi mheicníocht frithmhuirir má sheoltar earraí as Éirinn agus má luann an custaiméir a n-uimhir féin CBL sa Bhallstát eile. Má fhanann na hearraí in Éirinn nó mura luaitear an uimhir CBL sa Bhallstát eile, ansin tá an deisitheoir faoi dhliteanas in Éirinn.

Giorrúcháin

VIES: Córas Malartaithe Faisnéise CBL