Rialacha ar áit an tsoláthair do sheirbhísí

Eisceachtaí ó na rialacha ginearálta ar áit an tsoláthair

Tá eisceachtaí i leith na rialacha ginearálta ar áit an tsoláthair a nascann áit an tsoláthair leis an áit a gcuirtear an tseirbhís i gcrích.

Iarrfar ar an soláthraí clárú agus cuntas a thabhairt ar Cháin Bhreisluacha (CBL) i mBallstát an Aontais Eorpaigh ina ndéantar an soláthar, ach amháin má bhíonn sé clúdaithe ag an gcomhaontú um fhrithmhuirear.

Ón 1 Iúil 2021, féadann na gnóthaí uile a bhfuil na seirbhísí trasteorann seo á sholáthar acu do
thomhaltóirí (Gnó le Tomhaltóir) san AE a gcuid dualgais clárúcháin VAT a chomhlíonadh ag baint úsáid as an scéim Ionaid Uileghnó CBL (IUG)

Leagtar amach sa tábla thíos achoimre ar na heisceachtaí i leith na rialacha ginearálta ar áit an tsoláthair do sheirbhísí.

Achoimre ar na heisceachtaí i leith na rialacha ginearálta maidir le háit an tsoláthair do sheirbhísí
Cineál na SeirbhíseRiail maidir le háit an tsoláthair

Soláthar seirbhísí a bhfuil baint acu le hearraí do-aistrithe

Is é an áit ina bhfuil na hearraí lonnaithe áit an tsoláthair. I gcás go bhfuil an soláthraí seirbhíse lasmuigh d'Éirinn agus go ndéantar an obair in Éirinn, is é faighteoir an ghnó Éireannaigh a thugann cuntas i leith CBL agus é déanta ar bhonn frithmhuirir.

Seirbhísí iompair paisinéirí (Gnó le Gnó agus Gnó le Tomhaltóir)

Is é an áit ina dtarlaíonn iompar na bpaisinéirí an áit soláthair.

Earraí a iompar (Gnó le Tomhaltóir)

Is é an áit soláthair ná an áit nó na háiteanna a ndéantar an t-iompar.

Iompar earraí laistigh den Chomhphobal (Gnó le Tomhaltóir)

Is é an áit imeachta an áit soláthair.

Iompar earraí laistigh den Chomhphobal (Gnó le Gnó)

Is é an áit soláthair an áit ina bhfuil an custaiméir bunaithe.

Seirbhísí cultúir, ealaíon, spóirt, eolaíochta, oideachais agus siamsaíochta curtha ar fáil (Gnó le Gnó)

I gcás ceadanna isteach ar imeacht, is é an áit soláthair an áit ina mbíonn an t-imeacht ar siúl go hiarbhír.

Seirbhísí cultúir, ealaíon, spóirt, eolaíochta, oideachais agus siamsaíochta curtha ar fáil (Gnó le Tomhaltóir)

I gcás soláthar seirbhísí Gnó le Tomhaltóir agus seirbhísí cúntacha maidir le himeacht, ní fheidhmítear an riail ghinearálta agus is é an áit le haghaidh an tsoláthair seirbhísí an áit ina dtarlaíonn an t-imeacht.

Seirbhísí cúntacha iompair, luachálacha, obair ar mhaoin inaistrithe a soláthraíodh (Gnó le Gnó)

Riail ghinearálta le frithmhuirear le feidhmiú.

Seirbhísí cúntacha iompair, luachálacha ar earraí inaistrithe, obair ar mhaoin inaistrithe a soláthraíodh agus obair ar conradh (Gnó le Gnó)

Is é an áit ina bhfuil na seirbhísí curtha ar fáil go fisiciúil áit an tsoláthair.

Seirbhísí bialainne agus lónadóireachta go ginearálta.

Is é an áit ina bhfuil na seirbhísí sin curtha ar fáil go fisiciúil áit an tsoláthair.

Seirbhísí bialainne agus lónadóireachta le tomhailt ar bhord long, eitleán agus traenacha fad is atáthar laistigh den chomhphobal.

Is é an áit soláthair ná an chéad pointe imeachta sceidealaithe de chuid na loinge, an eitleáin nó na traenach (mar shampla an Stát má tá an Stát mar an gcéad phointe imeachta).

Modhanna iompair a fhruiliú (gearrthéarmach)

Maidir le modhanna iompair a fhruiliú sa ghearrthéarma, is é an áit soláthair an áit ina gcuirtear an t-iompar ar fáil don chustaiméir.

Modhanna iompair a fhruiliú go fadtéarmach (Gnó le Tomhaltóir)

Is é áit an tsoláthair ná an áit a bhfuil an custaiméir sin bunaithe, nó a bhfuil seoladh buan acu nó a bhfuil gnáthchónaí orthu. Féach thíos le haghaidh eolais i leith báid áineasa a fhruiliú go fadtéarmach.

Báid áineasa a fhruiliú go fadtéarmach (Gnó le Tomhaltóir)

An áit a gcuireann an soláthraí an bád ar fáil don chustaiméir ar an gcoinníoll go bhfuil áit ghnó nó bunachas socraithe an tsoláthraí san áit sin.

Seirbhísí teileachumarsáide, craolacháin nó seirbhísí a sholáthraítear go leictreonach (seirbhísí TCR). (Gnó le Tomhaltóir), go ginearálta

Is é áit an tsoláthair ná an áit a bhfuil an custaiméir sin bunaithe, a bhfuil seoladh buan acu nó a bhfuil gnáthchónaí orthu; ar an gcoinníoll nach bhfuil an tseirbhís TCR nasctha le hearraí do-aistrithe.   

Seirbhísí teileachumarsáide, craolacháin nó seirbhísí a sholáthraítear go leictreonach (seirbhísí TCR), Gnó le Tomhaltóir, curtha ar fáil ag soláthraithe bunaithe san AE

Faoi réir na tairsí Gnó le Tomhaltóir  €10,000, is é áit an tsoláthair ná an áit a bhfuil an soláthraí sin bunaithe, a bhfuil seoladh buan acu nó a bhfuil gnáthchónaí orthu. Tá sé de rogha ag an soláthraí caitheamh le háit an tsoláthair mar atá thuas.

Seirbhísí sonraithe áirithe do chustaiméirí taobh amuigh den AE (Gnó le Tomhaltóir)

An áit a bhfuil an custaiméir bunaithe, a bhfuil seoladh buan acu nó a bhfuil gnáthchónaí orthu.

Seirbhísí idirghabhálaithe (Gnó le Tomhaltóir)

An áit ina soláthraítear an t-idirbheart bunúsach.

Ar aghaidh: Dualgais CBL trádálaithe in Éirinn agus seirbhísí á soláthar do chustaiméirí eachtracha