Rialacha ar áit an tsoláthair do sheirbhísí

Céard is seirbhís ann chun críocha CBL?

Chun críocha Cánach Breisluacha (CBL) is éard is seirbhís ann ná aon ghníomhaíocht tráchtála seachas soláthar earraí.

Seirbhísí coitianta is ea:

  • gan rud éigin a dhéanamh (glacadh le staid)
  • ceart a dheonú nó a ghéilleadh
  • seirbhísí lónadóirí, meicneoirí, pluiméirí, cuntasóirí, dlíodóirí, sainchomhairleoirí
  • earraí a fhruiliú (seachas fruilcheannach) nó a ligean ar léas
  • seirbhísí a sholáthraítear go leictreonach, lena n-áirítear earraí digiteacha a sheachadadh ar líne agus bogearraí saincheaptha a sholáthar go fisiciúil
  • earraí inaistrithe comhdhéanta d’ábhair soláthraithe ag custaiméir a thabhairt ar ais (tar éis iad a phróiseáil).

Ar aghaidh: Na rialacha ginearálta ar áit an tsoláthair do sheirbhísí