Soláthairtí seirbhísí do chustaiméirí neamhghnó taobh amuigh den AE (Gnólacht le tomhaltóir)

Tá eisceachtaí áirithe do na rialacha ginearálta ar áit an tsoláthair do sheirbhísí.

Má soláthraítear na seirbhísí seo a leanas do chustaiméirí neamhghnó a bunaíodh taobh amuigh den Aontas Eorpach (AE), measfar áit an tsoláthair a bheith taobh amuigh den AE. Go ginearálta, níl aon Cháin Bhreisluacha (CBL) na hÉireann le gearradh ar na soláthairtí seo.

  • aistrithe agus sannacháin chóipcheart, paitinní, ceadúnas, trádmharcanna agus cearta cosúla
  • seirbhísí fógraíochta
  • seirbhísí sainchomhairleoirí, innealtóirí, gnóthas sainchomhairleoireachta, dlíodóirí, cuntasóirí agus seirbhísí eile den chineál sin, chomh maith le próiseáil sonraí agus soláthar faisnéise
  • dualgais staonadh ó ghníomhaíocht ghnó nó ceart, a leanúint nó a chomhlíonadh go hiomlán nó i bpáirt
  • idirbhearta baincéireachta, airgeadais agus árachais lena n-áirítear athárachas, seachas fruiliú taisceadán
  • soláthar foirne
  • fruiliú maoine inaistrithe inláimhsithe cé is moite de gach modh iompair
  • rochtain a sholáthar, ar iompar nó ar tharchur, trí chórais gáis nádúrtha agus córais dáilte leictreachais. Tá soláthar seirbhísí eile atá bainteach leo go díreach san áireamh anseo
  • seirbhísí teileachumarsáide
  • seirbhísí craolta raidió agus teilifíse
  • agus
  • seirbhísí curtha ar fáil go leictreonach.

Tá áit an tsoláthair do chuid de na seirbhísí seo faoi réir na bhforálacha úsáid agus tairbhiú.

Stádas incháinithe do chustaiméara a fhíorú

Ní mór duit cruthúnas a chur ar fáil go bhfuil an custaiméir bunaithe taobh amuigh den Aontas Eorpach (AE). Ní mór duit an t-eolas a thugann an custaiméir duit a fíorú. Féadfar seiceálacha réamhúdaracháin cárta creidmheasa a dhéanamh chun an seoladh a ghabhann le huimhir chárta a dheimhniú.