Úsáid agus tairbhiú soláthairtí

Cinntíonn na rialacha úsáide agus tairbhithe go ngearrtar cáin ar sheirbhísí áirithe nuair a úsaidtear agus a theachtar na seirbhíse sin.

Cuireann na rialacha cosc ar chánachas dúbailte, ar neamhchánachas agus ar shaobhadh iomaíochta.

Ní bhaineann na rialacha seo ach leis na seirbhísí seo a leanas:

  • earraí inaistrithe a fhruiliú
  • modhanna iompair a fhruilliú
  • seirbhísí teileachumarsáide
  • seirbhísí airgeadais.

Ón 1 Iúil 2021, féadann na gnóthaí uile a bhfuil na seirbhísí trasteorann seo á sholáthar acu do thomhaltóirí (Gnó le Tomhaltóir) san Aontas Eorpach (AE) a gcuid dualgais clárúcháin Cáin Bhreisluacha (CBL) a chomhlíonadh ag baint úsáid as an scéim Ionaid Uileghnó CBL (IUG)

Earraí inaistrithe a fhruiliú

Meastar gurb é an Stát áit an tsoláthair d’earraí inaistrithe a fhruiliú sa chás:

  • go mbeadh áit an tsoláthair taobh amuigh den AE faoi na rialacha ginearálta
  • agus
  • go raibh an tseirbhís úsáidte agus tairbhithe sa Stát. 

Modhanna iompair a fhruiliú

Meastar gurb taobh amuigh den AE áit an tsoláthair de modhanna iompair a fhruiliú sa chás:

  • go mbeadh áit an tsoláthair an Stát faoi na rialacha ginearálta
  • agus
  • go raibh an tseirbhís úsáidte agus tairbhithe taobh amuigh den AE.

Seirbhísí teileachumarsáide

Tá dhá riail úsáid agus tairbhiú a bhaineann le seirbhísí teileachumarsáide.

Seirbhísí teileachumarsáide, seirbhísí craolta raidió agus teilifíse agus cártaí fóin

Meastar gurb é an Stát áit an tsoláthair na seirbhísí nó cártaí seo do tomhaltóirí sa chás:

  • go mbeadh áit an tsoláthair taobh amuigh den AE faoi na rialacha ginearálta
  • agus
  • go raibh na seirbhísí nó cártaí úsáidte agus tairbhithe sa Stát.

Teileachumarsáid agus cártaí fóin

Meastar gurb é an Stát áit an tsoláthair na seirbhísí teileachumarsáide nó cártaí ag gnó bunaithe in Éirinn do tomhaltóirí sa chás:

  • go mbeadh áit an tsoláthair taobh amuigh den AE faoi na rialacha ginearálta
  • agus
  • go raibh an tseirbhísí nó cárta úsáidte agus tairbhithe sa Stát.

Seirbhísí airgeadais

Áirítear le seirbhísí airgeadais baincéireacht, árachas, athárachas agus bainistíocht ciste airgeadais ach ní áirítear soláthar áiseann taisce slána. 

Meastar gurb é an Stát áit an tsoláthair na seirbhísí airgeadais do tomhaltóirí sa chás:

  • go mbeadh áit an tsoláthair taobh amuigh den AE faoi na rialacha ginearálta
  • agus
  • go raibh na seirbhísí úsáidte agus tairbhithe sa Stát.

Seirbhísí aistriú airgid

Meastar gurb é an Stát áit an tsoláthair na seirbhísí aistriú airgid idirghabhálaí do príomhoide bunaithe taobh amuigh den AE sa chás:

  • go raibh na seirbhísí aistriú airgid soláthartha do dhuine sa Stát
  • agus
  • go bhfuil siad úsáidte agus tairbhithe sa Stát i ndáiríre.