Rialacha ar áit an tsoláthair do sheirbhísí

Dualgais CBL trádálaithe in Éirinn agus seirbhísí á soláthar do chustaiméirí eachtracha

Ní mór duit stádas do chustaiméara (custaiméir gnó nó príobháideach) a dheimhniú agus seirbhísí á soláthar do chustaiméirí eachtracha. Má tá do chustaiméir aitheanta go mícheart agat agus mura ngearrann tú CBL, beidh tú faoi dhliteanas an CBL a íoc. Féadfaidh sé go dtabhóidh tú ús agus pionóis i gcás iniúchadh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim.

Custaiméir gnó a aithint

Nuair a sholáthraíonn tú seirbhísí do chustaiméir gnó i mBallstát eile de chuid an Aontais Eorpaigh (AE), ní mór duit:

  • uimhir Cánach Breisluacha (CBL) an chustaiméara gnó a fháil agus a bailíocht a dheimhniú
  • uimhir CBL an chustaiméara a chur ar an sonrasc agus taifid an idirbhirt a choinneáil
  • sonrasc a eisiúint ar a léirítear go bhfeidhmeofar frithmhuirear
  • litir a fháil ó na húdaráis chánach más gnóthas nua é custaiméir gnó agus mura bhfuil uimhir CBL ar fáil[1]
  • fáil amach an bhfuil an soláthar díolmhaithe sa Bhallstát eile chun críocha an Chórais Malartaithe Faisnéise CBL (VIES)
  • an soláthar a áireamh ar an tuairisceán VIES má tá sé incháinithe.

[1] Teastóidh ráiteas VIES chun sonraí na seirbhísí a sholáthraítear a léiriú chomh maith le huimhir cheart CBL an ghnóthais nua.

Féadtar Uimhir CBL san AE a fhíorú ar shuíomh idirlín an EU Commission nó trí theagmháil a dhéanamh leis an oifig VIMA.

Stádas do chustaiméara a fhíorú

Nuair atá stádas do chustaiméara á dheimhniú agat, glactar leis gur ghníomhaigh tú le dea-intinn. Chun é seo a dhéanamh, ní mór duit a dheimhniú gur duine incháinithe an custaiméir.

Ba chóir é seo a dhéanamh ar cheann de na bealaí seo a leanas:

  • trína n-uimhir CBL a fháil agus a bailíocht a dheimhniú
  • trí chruthúnas eile a fháil ar a léirítear gur duine incháinithe an custaiméir nó gur duine dlíthiúil neamh-incháinithe iad chun críocha CBL.

Soláthairtí do chustaiméirí gnó taobh amuigh den AE (Gnólacht le Gnólacht)

Go ginearálta, níl soláthar seirbhísí do chustaiméirí gnó taobh amuigh den AE faoi dhliteanas CBL. Ní mór duit, áfach, fianaise dhóthanach a fháil agus cruthúnas gur duine incháinithe an custaiméir.

Ní mór duit an méid seo a leanas a fháil:

  • Cruthúnas maidir le háit bhunaithe an chustaiméara taobh amuigh den AE.
  • Cruthúnas gur duine incháinithe an custaiméir. Mar shampla; fianaise dhóthanach ó do chustaiméir le léiriú gur duine incháinithe é nó í.

Féadfar cur le fianaise na huimhreach CBL ar an gcaoi seo:

  • sonraí ó údaráis chánach an chustaiméara a dheimhníonn gur duine incháinithe an custaiméir
  • foirm ordaithe an chustaiméara ar a bhfuil a seoladh gnó agus a n-uimhir clárúcháin trádála
  • asphrionta ó shuíomh idirlín an chustaiméara le deimhniú go bhfuil gníomhaíochtaí eacnamaíocha ar bun ag an gcustaiméir.

Soláthairtí do chustaiméirí neamhghnó taobh amuigh den AE (Gnólacht le Tomhaltóir)

Tá soláthairtí áirithe do chustaiméirí neamhghnó taobh amuigh den AE (Gnólacht le tomhaltóir) saor ó CBL. Ní mór duit cruthúnas a chur ar fáil go bhfuil an custaiméir bunaithe taobh amuigh den Aontas Eorpach (AE). Ní mór duit an fhaisnéis a thugann an custaiméir duit a fíorú. Féadfar seiceálacha réamhúdaracháin cárta creidmheasa a dhéanamh chun an seoladh a ghabhann le huimhir chárta a dheimhniú.