Seirbhísí bialainne, lónadóireachta agus ceaintín

Seirbhísí bialainne agus lónadóireachta

Go ginearálta, tá seirbhísí bialainne agus lónadóireachta faoi dhliteanas Cánach Breisluacha (CBL) ag an ráta laghdaithe.

Go meastar gur sholáthar earraí seachas soláthar sheirbhísí bialainne é bia a bheirtear leat, agus feidhmítear rátaí difriúla ag brath ar na hearraí a sholáthraítear.

Tá tuilleadh eolais ar an gcánachas CBL maidir le seirbhísí bialainne agus lónadóireachta agus an cánachas CBL maidir le bia agus deoch ar fáil sa rannán Treoir bhreise.

Seirbhísí ceaintín

Tá go leor socruithe éagsúla i bhfeidhm maidir le ceaintíní do bhaill foirne. Oibríonn roinnt ceaintíní ar bhonn brabús a dhéanamh, déantar seachfhoinsiú ar roinnt seirbhísí ceaintín, agus oibrítear ceaintíní eile gan aon chostais don fhoireann.

Tá mioneolas ar an gcánachas CBL a bhaineann le múnlaí áirithe de sheirbhísí ceaintín baill foirne ar fáil faoin rannán Treoir bhreise.