Seirbhísí gníomhairí agus idirghabhálaithe

Féadtar gníomhaire (idirghabhálaí) chun críocha na Cánach Breisluacha (CBL) a bheith ainmnithe nó neamhainmnithe.

Beidh sé ina ábhar fíorais cibé an gníomhaire ainmnithe nó neamhainmnithe thú.

Gníomhaire ainmnithe

Is gníomhaire ainmnithe é aon ghníomhaire a fheidhmíonn thar ceann duine eile (an príomhaí), agus a nochtann an fíoras sin don chustaiméir deiridh.

Chun críocha CBL, an príomhaí is ea an duine a sholáthraíonn na hearraí agus na seirbhísí don chustaiméir. Tá an príomhaí faoi dhliteanas CBL ar na soláthairtí agus ní mór don phríomhaí sonrasc CBL a eisiúint don chustaiméir.

Tá an gníomhaire faoi dliteanas CBL ar an tseirbhís gníomhaire a chuireann siad ar fáil don phríomhaí (mar shampla, ar na híocaíochtaí coimisiúin). Ní mór don ghníomhaire sonrasc CBL a eisiúint don phríomhaí.

Cén áit a bhfuil áit an tsoláthair?

Braitheann áit an tsoláthair ar cé acu an duine incháinithe nó duine neamh-incháinithe an custaiméir.

Is é an áit ina bhfuil an duine incháinithe bunaithe an áit soláthair seirbhísí gníomhairí do dhaoine incháinithe.

Is é an áit ina soláthraítear an t-idirbheart bunúsach an áit soláthair seirbhísí gníomhairí do dhaoine neamh-incháinithe.

Gníomhaire neamhainmnithe

Is gníomhaire neamhainmnithe é duine a fheidhmíonn thar ceann duine eile ach a mhaíonn gurb iad an príomhaí. I gcásanna den chineál sin, tá dhá sholáthar chomhuaineacha chun críocha CBL. Tá an gníomhaire ag fáil seirbhísí nó earraí ón bpríomhaí go comhuaineach agus á soláthar don chustaiméir deiridh.

Tá an gníomhaire faoi dhliteanas CBL ar an soláthar a mheastar a bheith soláthartha acu don chustaiméir.

Tá an coimisiún a shaothraíonn an gníomhaire neamhainmnithe leabaithe sa phraghas ar a ndíolann siad na hearraí nó seirbhísí. An ráta CBL atá infheidhmithe don choimisiún sin ná an ráta céanna CBL a bhaineann leis na hearraí nó seirbhísí a sholáthraítear.

Céard iad dualgais CBL an phríomhaí?

Tá an príomhaí faoi dhliteanas CBL ar na hearraí nó na seirbhísí arna soláthar don ghníomhaire. Ní mór don phríomhaí sonrasc a ghiniúint i leith an ghníomhaire don soláthar, agus ní i leith an chustaiméara.