Scéim corrlaigh gníomhairí taistil

Is beart simplithe le haghaidh Cáin Bhreisluacha (CBL) é an Scéim Corrlaigh do Ghníomhairí Taistil (SCGT) do ghníomhairí taistil. Baineann sé le seirbhísí áirithe a cheannaíonn gníomhairí taistil isteach ó thríú páirtithe agus a dhíoltar mar phacáiste don taistealaí amhail:

  • iompar
  • lóistín
  • agus
  • treoraithe turais.

Baineann SCGT le gníomhairí taistil (ag gníomhú mar phríomhaí) nó le gníomhairí neamhainmnithe atá bunaithe in Éirinn a sholáthraíonn pacáistí taistil do taistealaithe.

Tá éifeacht ag an scéim ar:

  • áit soláthair na seirbhíse
  • ríomh na suime incháinithe
  • agus
  • CBL a bhféadtar aiséileamh a dhéanamh ina leith.

Tá tuilleadh eolais ar an SCGT ar fáil faoi Treoir Bhreise. Tá eolas ar sheirbhísí idirghabhálaithe agus soláthairtí inmheánacha gníomhairí taistil ar fáil sa treoir seo chomh maith.