Scéim corrlaigh

Úsáidtear an scéim corrlaigh chun an féideartheacht a laghdú go ngearrfaí cánachas dúbailte ar díolacháin earraí athláimhe. Tá an scéim seo roghnach.

Oibríonn sé trí ligean do dhéileálaithe an Cháin Bhreisluacha (CBL) a íoc ar an difríocht idir praghas díola agus praghas ceannaigh na n-earraí.

Baineann an scéim corrlaigh le:

  • earraí áirithe athláimhe
  • saothair ealaíne
  • seandachtaí agus míreanna bailitheóirí
  • agus
  • feithiclí athláimhe agus innealra talmhaíochta athláimhe ceannaithe ag déileálaí mar stoc trádála ar 1 Eanáir 2010, nó dá éis.

Má roghnaíonn tú gan an scéim corrlaigh a oibriú, beidh feidhm leis na gnáthrialacha CBL.

Tá tuilleadh eolais ar an gcánachas CBL maidir leis an scéim corrlaigh le fáil sa rannán Treoir breise.