Mótarfheithiclí

Tá mótarfheithiclí a dhíoltar sa Stát faoi dhliteanas Cánach Breisluacha (CBL) ag an ráta caighdeánach.

Chomh maith le CBL, tá dliteanas Cánach Cláraithe Feithiclí ann freisin nuair atá mótarfheithicil á clárú sa Stát den chéad uair.

Athraíonn an ráta CCF idir cineálacha feithiclí agus braitheann sé den chuid is mó ar leibhéal astaíochtaí CO2. Tá CCF iníoctha ar fheithiclí neamhchláraithe nua agus ar fheithiclí a thógtar isteach sa Stát ó thíortha eile.

Féadfaidh sé go bhfuil nósanna imeachta CBL agus CCF difriúla ann nuair atá mótarfheithiclí á gceannach nó á ndíol ag brath ar stádas na gceannaitheoirí nó na ndíoltóirí.

Ina measc siúd, tá:

  • díoltóirí mótar
  • trádálaithe ag ceannach nó ag díol a gcuid feithiclí gnó féin
  • ceantanna mótar
  • daoine aonair príobháideacha.

Tá nósanna imeachta speisialta ann d’idirbhearta lena ngabhann feithiclí athláimhe nó feithiclí a iompar idir tíortha mar chuid den cheannachán nó díolachán.

Chomh maith le díolacháin feithiclí, tá CBL dlite ar obair a dhéantar ar mhótarfheithiclí, amhail:

Leagtar amach an chaoi ar cheart CBL agus CCF a íoc in idirbhearta éagsúla, agus na cúinsí ina bhféadtar na cánacha seo a aiséileamh,sa rannán Treoir breise ar CBL agus CCF ar mhótarfheithiclí.