Eolas ar cháin tar éis méala

Céard is eastát ann?

Is éard atá in eastát ná sócmhainní arna sealbhú in ainm an duine éagtha amháin ag dáta a bháis. Cuimsíonn sócmhainní:

  • airgead tirim
  • cuntais bhainc
  • maoin nó talamh
  • beostoc
  • ábhar tí
  • pictiúir
  • seodra
  • carr
  • stoic agus scaireanna.

Cén chaoi chaoi a fhéadtar eastát a aistriú chuig na tairbhithe?

Féadtar eastát a daileadh do na tairbhithe ar bhealaí éagsúla.

Má tá uacht ann, dáilfear sócmhainní chuig na tairbhithe de réir mar a thug an duine éagtha treoir. Mura bhfuil uacht ann, tugtar ‘díthiomnacht’ air agus dáilfear na sócmhainní faoi rialacha speisialta atá leagtha síos sa dlí.

Áirítear na samplaí seo a leanas le sócmhainní a dháiltear faoi uacht nó díthiomnacht:

  • sócmhainní faoi úinéireacht ainm an duine éagtha
  • sócmhainní faoi úinéireacht an duine éagtha ach curtha in ainm duine eile ar mhaithe le héascaíocht
  • sócmhainní a chuir an duine éagtha i gcomhainmneacha an duine éagtha agus an duine eile nuair nach raibh sé ar intinn aon sochar a thabhairt don duine eile.

Áirítear na samplaí seo a leanas le sócmhainní a dháiltear taobh amuigh den uacht nó díthiomnacht:

  • sócmhainní a dháilfear trí ainmniú, mar shampla nuair a thug an duine éagtha treoir do An Post cairteacha coigiltis a íoc le duine ainmnithe tar éis bhás an duine éagtha
  • sochair bháis a dháilfear chuig tairbhithe ar baill áirithe teaghlaigh iad atá ainmnithe ar pholasaí árachais saoil nó scéim pinsin
  • sócmhainní a chuir an duine éagtha i gcomhainmneacha an duine éagtha agus duine eile nuair a bhí sé ar intinn sochar a thabhairt don duine eile.

Ar aghaidh: Céard is tairbhí ann?