Foirm SA.2 um Ráiteas Cúrsaí (Probháid)

Léargas ginearálta

Mar chuid de nua-aoisiú an phróisis iarratais probháide, tugadh isteach an tíolacadh leictreonach ar iarratais phrobháide. Cruthaíodh an Fhoirm SA.2 um Ráiteas Cúrsaí (Probháid) chun go dtiocfaidh sí in áit na Mionscríbhinne Ioncaim Intíre (Foirm CA24).

Ní mór an fhoirm seo a chomhlánú mar an gcéad chéim agus iarratas á dhéanamh le hOifig Probháide na hArdchúirte chun Deonú Ionadaíochta a fháil. Tugtar iad seo a leanas ar Dheonú Ionadaíochta freisin:

  • Deonú Probháide nuair atá uacht ann.
  • Litreacha Riaracháin nuair nach bhfuil uacht ann.

Tugann Deonú Ionadaíochta cead duit gníomhú ar son duine éagtha. Leis seo, féadfaidh tú cúrsaí an duine éagtha a réiteach agus a nglansócmhainní a dháileadh ar na tairbhithe atá i dteideal iad a fháil.

Ar aghaidh: An Próiseas Iarratais nua