Foirm SA.2 um Ráiteas Cúrsaí (Probháid)

Treoir maidir leis an bhFoirm um Ráiteas Cúrsaí (Probháid) SA.2 a chomhlánú

Beidh an Treoir ar Fhoirm SA.2 um Ráiteas Cúrsaí (Probháid) a chomhlánú ina cabhair duit agus an Fhoirm SA.2 á comhlánú agat.

Beidh ort an SA.2 a chomhlánú ar moChúrsaí nó ar ROS

Ginfear Fógra um Admháil nuair a bheidh an fhoirm tíolactha. Ní mór Deonú Ionadaíochta a fháil le heastát duine éagtha a riar. Tugann sé seo údarú dlíthiúil don riarthóir nó don seiceadóir le heastát duine éagtha a riar. Le Deonú Ionadaíochta a fháil, ní mór an Fógra um Admháil agus na páipéir chuí a thíolacadh:

  • don Oifig Probháide
  • don Chlárlann Probháide Ceantair.