Foirm SA.2 um Ráiteas Cúrsaí (Probháid)

  1. Léargas ginearálta
  2. An Próiseas Iarratais nua
  3. Gnéithe den Fhoirm SA2
  4. An chaoi leis an bhFoirm SA.2 um Ráiteas Cúrsaí (Probháid) a chomhlánú agus a thíolacadh
  5. Treoir maidir leis an bhFoirm um Ráiteas Cúrsaí (Probháid) SA.2 a chomhlánú

An chaoi leis an bhFoirm SA.2 um Ráiteas Cúrsaí (Probháid) a chomhlánú agus a thíolacadh

Cé a fhéadann an fhoirm seo a thíolacadh?

Ba chóir an fhoirm a bheith sínithe ag:

  • ionadaí (ionadaithe) pearsanta an duine éagtha
  • duine eile ag gníomhú thar ceann an ionadaí phearsanta, mar shampla dlíodóir.

Cén chaoi le Foirm SA.2 a thíolacadh?

Féadtar moChúrsaí nó Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) a úsáid le d’fhoirm a thíolacadh. Murar úsáid tú na seirbhísí seo cheana, is gá clárú le haghaidh moChúrsaí nó clárú le haghaidh ROS.

moChúrsaí

Nuair atá tú cláraithe, sínigh isteach ar moChúrsaí agus déan an méid seo a leanas:

  1. Ar an gcárta Bronntanais agus Oidhreachtaí, roghnaigh Foirm SA.2 um Ráiteas Cúrsaí (Probháid).
  2. Roghnaigh “Tíolaic iarratas”.
  3. Líon amach an fhaisnéis chuí.
  4. Tíolaic an SA.2 um Ráiteas Cúrsaí (Probháid) agus priontáil an Fógra um Admháil (Probháid).

Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS)

Nuair atá tú cláraithe, sínigh isteach ar do chuntas ROS agus déan an méid seo a leanas:

  1. Ar an gcárta Bronntanais agus Oidhreachtaí, roghnaigh Foirm SA.2 um Ráiteas Cúrsaí (Probháid).
  2. Roghnaigh “Tíolaic iarratas”.
  3. Líon amach an fhaisnéis chuí.
  4. Tíolaic an SA.2 um Ráiteas Cúrsaí (Probháid) agus priontáil an Fógra um Admháil (Probháid).

Cén chaoi leis an bhfoirm ar pháipéar a thíolacadh

An bealach is tapúla, is éasca agus is slán le hiarratas ar phrobháide a dhéanamh ná ar ROS nó moChúrsaí. I gcúinsí teoranta, féadann iarratasóirí pearsanta a iarraidh Foirm SA.2 ar pháipéar a thíolacadh do na Coimisinéirí Ioncaim sna cásanna seo a leanas:

  • mura bhfuil rochtain dhóthanach idirlín agat
  • mura bhfuil tú in ann an Fhoirm SA.2 a sheachadadh go leictreonach mar gheall ar an méid seo:
    • d’aois
    • do chumas meabhrach
    • agus/nó
    • do chumas fisiceach.

Ní mór go sonrófaí go soiléir na cúinsí a chuireann bac ort an Fhoirm SA.2 a thíolacadh go leictreonach. Cinnfidh na Coimisinéirí Ioncaim má tá tú díolmhaithe ó thíolacadh leictreonach.

Ní bhaineann an áis leis an eolas riachtanach a sheachadadh chuig na Coimisinéirí Ioncaim i bhformáid páipéir ach le hiarratasóirí pearsanta amháin. Ní mór do dhlíodóirí nó idirghabhálaithe eile ag gníomhú in eastáit Foirm SA.2 a chomhlánú go leictreonach.

Ní mór iarratas ar Fhoirm páipéir SA.2 a chur isteach i scríbhinn chuig an Aonad Náisiúnta Cánach Fáltas Caipitiúil (CFC).

Céard a theastaíonn uaim?

Chun an fhoirm seo a chomhlánú, is gá an méid seo a leanas a bheith agat:

  • sonraí an iarratasóra
  • sonraí pearsanta an duine éagtha, lena n-áirítear a nUimhir PSP
  • sonraí na dtairbhithe, a nUimhir PSP agus luach na sochar a tógadh
  • sonraí ar shócmhainní agus ar dhliteanais an duine éagtha a bhí a sealbhú go heisiach, i gcomhpháirt agus trí ainmniúchán ar dháta a mbáis
  • sonraí ar shócmhainní agus ar dhliteanais an duine éagtha ar dháta a mbáis
  • agus
  • na doiciméid seo a leanas:
    • an uacht
    • codaisíleacha (breiseáin) uile na huachta
    • agus
    • cóip den deonú bunaidh sa chás go bhfuil tú ag déanamh iarratas ar an dara deonú de bonis non.

Tabhair do d'aire

Is féidir faisnéís a fháil ar an bpróiseas chun eastát duine nach maireann a riar ar shuíomh gréasáin na Seirbhís Cúirteanna.

Ar aghaidh: Treoir maidir leis an bhFoirm um Ráiteas Cúrsaí (Probháid) SA.2 a chomhlánú