Foirm SA.2 um Ráiteas Cúrsaí (Probháid)

An Próiseas Iarratais nua

Ní mór an Fhoirm um Ráiteas Cúrsaí (Probháid) SA.2 a chomhlánú le Deonú Ionadaíochta a fháil. Úsáidter an próiseas iarratais nua sa chás go bhfuair duine éagtha bás ar an 5 Nollaig 2001 nó dá éis.

Is mar seo a leanas atá an nós imeachta chun tíolacadh a dhéanamh:

  1. Ní mór duit, mar ionadaí (ionadaithe) pearsanta an duine éagtha nó an duine údaraithe roghnaithe:

  1. Ní mór duit an Fhoirm um Ráiteas Cúrsaí (Probháid) SA.2 a chomhlánú agus a thíolacadh ansin.
  2. Nuair a thíolactar an Fhoirm SA.2, féadtar Fógra um Admháil a ghiniúint. Beidh eolas ó d’iarratas SA.2 ar fáil ann lena úsáid ag an Oifig Probháide. Tar éis duit foirm a thíolacadh in moChúrsaí nó ROS, gheobhaidh tú fógra go bhfuarthas do thíolacadh.
  3. Ní mór duit an fógra seo a phriontáil agus í a thíolacadh chuig an Oifig Probháide nó chuig an gClárlann Probháide Ceantair. Ní ghlacfaidh an Oifig Probháide ach le hiarratais a bhfuil an doiciméad Fógra um Admháil de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim san áireamh iontu.
  4. Ar an eolas seo a fháil, rachaidh an Oifig Probháide i dteagmháil leis an iarratasóir pearsanta le coinne chun freastal ar a n-oifig.

Ar aghaidh: Gnéithe den Fhoirm SA2